Skip to main content
Normal View

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 March 2024

Wednesday, 6 March 2024

Questions (108)

Éamon Ó Cuív

Question:

108. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé i gceist aici méadú mór a dhéanamh ar an maoiniú atá ar fáil do naíonraí agus naíscoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht, agus an tábhacht a bhaineann leis an earnáil sin do luathshealbhú agus nós úsáide na Gaeilge sa Ghaeltacht á cur i gcuntas, de bharr go bhfreastalaíonn beagnach gach gasúr anois ar naíonraí agus naíscoileanna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11184/24]

View answer

Written answers

Tuigimse an tábhacht a bhaineann leis na seirbhísí luathbhlianta seo ó thaobh sealbhú agus úsáid na Gaeilge de agus mar thaca don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, araon. Chomh maith leis sin, tá An Roinn Leanaí, Comhionanais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ag obair ar Phlean Cuimsitheach chun breis forbartha a dhéanamh ar sholáthair lán-Ghaeilge san earnáil. Tá mo Roinn páirteach sa Ghrúpa Comhairleach atá bunaithe chun an Plean Cuimsitheach sin a thabhairt chun cinn.

Is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta a chuireann an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathbhlianta  a chur ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltach, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí atá cláraithe leis an eagraíocht.

Feidhmíonn an eagraíocht den chuid is mó, le cúnamh reatha ar fiú €619,500 é ó Údarás na Gaeltachta, ach le cúnamh ó mo Roinn chomh maith.  Seo a leanas briseadh síos ar an maoiniú a cheadaigh mo Roinn do Chomhar Naíonraí na Gaeltacha ó 2018 ar aghaidh:

2018/2019 - €355,000

2019/2020 - €435,500

2020/2021 - €470,000

2021/2022 - €498,350

2022/2023 - €601,100

Sin ardú 69% ar an tacaíocht a chuir mo Roinn ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ón mbliain 2018 go 2023.

Tá iarratas ar mhaoiniú do na blianta amach romhainn á bhreithniú ag mo Roinn faoi láthair.

Top
Share