Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 April 2024

Thursday, 11 April 2024

Questions (121)

Patrick Costello

Question:

121. D'fhiafraigh Deputy Patrick Costello den Aire Oideachais cathain a bheidh an plean maidir le soláthar gaelcholáiste nó gaelcholáistí nua i gceantar Átha Cliath Theas réidh ag an Roinn Oideachais agus a thagair tú dó nuair a d'fhreagair tú ceist 476 le freagra 428 ar 20 Márta 2024. [15801/24]

View answer

Written answers

Maidir le pleananna chun níos mó áiteanna i scoileanna Gaeilge a chur ar fáil i gceantar Bhaile Átha Cliath Theas, ceantar a chuimsíonn Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, ba chóir a thabhairt a aird go bhfuil an bhliain bhunaithe, an tsamhail phátrúnachta agus teanga an teagaisc fós le socrú do na hiar-bhunscoileanna nua atá fógartha a bheidh ag freastal ar na limistéir pleanála scoile seo a leanas i gceantar ginearálta Bhaile Átha Cliath Theas: Baile Átha Cliath 2_Baile Átha Cliath 4 agus An Naigín_Cill Aighne_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní.

Is príomhghné den phleanáil don soláthar iar-bhunscolaíochta Gaeilge é an rollú reatha agus an rollú atá beartaithe do Ghaelscoileanna sa cheantar, ar mhaithe le riachtanais soláthair don iar-bhunscolaíocht Ghaeilge atá ag teacht chun cinn a aithint a bhféadfadh sé nach mbeadh na Gaelcholáistí atá sa cheantar faoi láthair ábalta freastal orthu.

Cé go bhfuiltear ag súil go mbeidh dóthain áiteanna scoile sna Gaelcholáistí atá ann cheana féin i gceantar Bhaile Átha Cliath Theas chun freastal ar an éileamh sa ghearrthéarma, i bhfianaise líon na nGaelscoileanna nua a osclaíodh le blianta beaga anuas nó atá beartaithe a oscailt sa cheantar seo, tá mo Roinn ag déanamh athbhreithniú gníomhach ar an gcás de réir mar atá na scoileanna seo agus líon na ndaltaí i rang a sé i nGaelscoileanna ag méadú.

Táthar ag obair go leanúnach sa Roinn ar an athbhreithniú ar áiteanna i scoileanna Gaeilge i mBaile Átha Cliath Theas.

Top
Share