Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 April 2024

Thursday, 11 April 2024

Questions (130)

Éamon Ó Cuív

Question:

130. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán líon na mBailte Seirbhíse Gaeltachta atá ainmnithe go dtí seo agus ainm gach baile acu sin; an líon acu atá sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15869/24]

View answer

Written answers

Tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú ar an ábhar seo i samhradh 2014, seo a leanas an liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta.

Contae

Baile

Dún na nGall

Leitir Ceanainn, An Clochán Liath* agus Baile Dhún na nGall

Maigh Eo

Béal an Mhuirthead*, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh

Gaillimh

Cathair na Gaillimhe agus An Clochán

Ciarraí

Daingean Uí Chúis*, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín

Corcaigh

Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha

Port Láirge

Dún Garbhán

An Mhí

Baile Átha Buí agus An Uaimh

* bailte lonnaithe sa Ghaeltacht

Tá pleananna teanga ceadaithe i leith an 8 mbaile seo a leanas:

• Daingean Uí Chúis

• Leitir Ceanainn

• Cathair na Gaillimhe

• An Chlochán Liath

• Trá Lí

• Dún Garbhán

• Caisleán an Bharraigh

• Cathair Saidhbhín

Is mór an tionchar cultúrtha agus geilleagrach a imríonn an Ghaeltacht ar na bailte a dhéanann freastal uirthi. Bíonn tionchar suntasach chomh maith céanna ag na bailte sin ar an nGaeltacht féin. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin. Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta aitheanta chun críche an Achta.

Chomh fada is a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, is é cuspóir Acht na Gaeltachta féachaint conas is féidir an tionchar dearfach atá na bailte seo in ann a imirt ar an nGaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht a chothú agus a threisiú.

Leagtar síos faoin Acht an próiseas faoina bhféadfaí aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ní foláir:

• don bhaile a bheith suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis;

• daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith sa mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí;

• ról suntasach a bheith á imirt ag an mbaile maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do phobal na Gaeltachta; agus

• tionchar suntasach agus dearfach a bheith á imirt dá réir ag an mbaile ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar Gaeltachta lena mbaineann sé.

Ina theannta sin, caithfidh eagraíocht atá gníomhach sa bhaile a bheith roghnaithe chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga atá forordaithe faoin Acht.

Top
Share