Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 April 2024

Thursday, 11 April 2024

Questions (133)

Éamon Ó Cuív

Question:

133. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán líon na mbailte sa nGaeltacht a bhfuil daonra os cionn 1,000 duine iontu; ainm gach baile acu sin, an bhfuil i gceist aici leasú a dhéanamh ar an Acht cuí chun an bundaonra sin a laghdú ionas go bhféadfaí bailte ar nós na Ceathrún Rua a ainmniú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15879/24]

View answer

Written answers

Seo a leanas an liosta bailte - Gaeltachta agus neamh-Ghaeltachta - a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta 2012. Is figiúirí an daonáireamh is déanaí atá á n-úsáid sa léárgas mar atá le fáil ó shuíomh gréasáin an Phrímh-oifig Staidrimh.

Baile Seirbhíse Gaeltachta

Daonra

Leitir Ceanainn

22,549

An Clochán Liath

1,247

Baile Dhún na nGall

2,749

Béal an Mhuirthead

1,042

Baile an Róba

3,148

Caisleán an Bharraigh

13,054

Cathair na Gaillimhe

85,910

An Clochán

1,259

Daingean Uí Chúis

1,671

Trá Lí

26,079

Cathair Saidhbhín

1,297

Cathair Chorcaí 

222,526

Maigh Chromtha

4,096

Dún Garbhán

10,081

Baile Átha Buí

2,596

An Uaimh

33,886

Tá trí bhaile eile sa Ghaeltacht le daonra ós cionn 1,000 duine nach bhfuil áitheanta mar Bhailte Seirbhísí Gaeltachta agus is iad sin; Maigh Cuilinn a bhfuil daonra de 2,279 ann, Bearna  bhfuil daonra de 2,336 ann, agus Baile Chláir na Gaillimhe  bhfuil daonra de 1,632 ann. 

Is tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú ar an ábhar seo i samhradh 2014 a cuireadh an liosta bailte i dtoll a chéile mar aon leis na critéir a bhaineann le baile a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Leagtar síos faoin Acht an próiseas faoina bhféadfaí aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ní foláir:

• don bhaile a bheith suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis;

• daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith sa mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí;

• ról suntasach a bheith á imirt ag an mbaile maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do phobal na Gaeltachta; agus

• tionchar suntasach agus dearfach a bheith á imirt, dá réir, ag an mbaile ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar Gaeltachta lena mbaineann sé.

Tá sráidbhaile na Ceathrú Rua lonnaithe sa Limistéar Pleanála Teanga An Cheathrú Rua agus, trí Údarás na Gaeltacta, cuireann mo Roinn tacaíocht agus maoiniú de €120,000 in aghaidh na bliana ar fáil chun plean teanga an Limistéara a fheidhmiú.

Níl aon phleananna ag mo Roinn leasú a dhéanamh ar an Acht chun an bundaonra a laghdú ionas go bhféadfaí bailte ar nós na Ceathrún Rua a ainmniú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.  Chuir oifigigh mo Roinne é sin in iúl d'iondaithe ó phobal na Ceathrú Rua ag cruinniú a bhí acu leo le déanaí.

Top
Share