Skip to main content
Normal View

Scoileanna Lán-Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 April 2024

Tuesday, 16 April 2024

Questions (119)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

119. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an bhfuil sé fós mar sprioc ag a Roinn dúbailt a dhéanamh ar líon na ndaltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge de réir an Chláir Rialtais agus cén uair a bheidh sé sin sroichte. [16351/24]

View answer

Written answers

Tá obair leanúnach ar siúl i mo Roinnse faoi láthair chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tógfaidh an polasaí nua seo ar an méid atá bainte amach ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta agus beidh sé mar chéim thábhachtach eile i dtreo ghealltanais Chlár an Rialtais a chomhlíonadh.

Agus an polasaí seo á fhorbairt, tá sé mar aidhm ag an Roinn na spriocanna seo a leanas a bhaint amach, i measc nithe eile:

• an líon leanaí agus daoine óga atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú, lena n-áirítear tógáil ar an mbunchloch a leagtar síos i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige lán-Ghaeilge (mar shampla, naíonraí)

• iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna chun bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta

• iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi inar féidir an soláthar múinteoirí agus baill foirne eile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a mhéadú chun freastal ar an éileamh i suíomhanna oideachais lán-Ghaeilge.

Cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun chun tuairimí páirtithe leasmhara a fháil atá mar bhonn eolais d’fhorbairt an pholasaí. Bhí trí thréimhse sa chomhairliúchán seo – ceistneoir ar líne agus glao ar aighneachtaí scríofa, sraith grúpaí fócais, agus cruinnithe déthaobhacha idir mo Roinn agus páirtithe leasmhara.

Tá réimse gníomhartha glactha le cinntiú go mbeidh an polasaí nua bunaithe ar thaighde reatha:

• Tá athbhreithniú ar an litríocht maidir leis an tumoideachas trí mheán mionteangacha coimisiúnaithe trí phróiseas soláthair phoiblí agus déanta ag Sealbhú, DCU.

• Scríobhadh agus foilsíodh tuarascáil a thugann léargas ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag mo Roinnse.

• Tá taighde maidir le haonaid agus sruthanna lán-Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla ar bun.

• Foilsíodh dhá thuarascáil ilchodacha ar thorthaí cigireachta ar chaighdeán soláthair oideachais i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí in earrach na bliana 2021. Tugann na tuarascálacha seo léargas cabhrach ar chleachtais i scoileanna. Tá tuarascáil ar thorthaí cigireachta ar naíonraí á hullmhú chomh maith.

Tógfaidh an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Tá an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta mar bhunchloch an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Leagtar amach sa Scéim critéir theangabhunaithe don aitheantas mar scoil Ghaeltachta, lena chinntiú go mbeadh oideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge ar fáil do dhaoine óga sna ceantair sin. Cuirtear tacaíochtaí ar fáil do scoileanna rannpháirteacha chun na critéir sin a chur i bhfeidhm. Bunaíodh clár oideachais tosaigh múinteoirí B.Oid. (bunmhúinteoireacht) in 2019 faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta chun cur leis an soláthar múinteoirí a mbeadh ar a gcumas múineadh i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge. Bronnadh céimeanna ar an gcéad chohórt de 34 mic léinn ón B.Oid ó Institiúid Oideachais Marino i mí na Samhna 2023.

Táim ag súil leis an obair thábhachtach seo a thabhairt chun cinn, chun an t-oideachas lán-Ghaeilge a neartú agus chun tógáil ar na torthaí dearfacha atá á mbaint amach cheana féin i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Táim ag súil freisin le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun na céimeanna éagsúla chun an polasaí a fhorbairt a chur chun cinn.

Top
Share