Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 April 2024

Thursday, 18 April 2024

Questions (1)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nár foilsíodh an reachtaíocht ag tús na míosa seo maidir le toghcháin Údarás na Gaeltachta a reáchtáil mar a gheall sí; agus an mbeidh na toghcháin ar siúl ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. [17073/24]

View answer

Oral answers (10 contributions)

Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle agus comhghairdeas don Aire Stáit as an ardú céime atá faighte aige. Tá post mór tábhachtach aige anois ó thaobh na Gaeilge de. Ní ag dul ar thaobh atá sé. Is ardú céime é i mo thuairim féin.

Is ceist í seo a cuireadh isteach sular tharla an t-athrú aireachta ach tá sé fós cinniúnach go bhfuil sé anseo agus baineann sé le foilsiú reachtaíochta a bhí geallta ag tús na míosa seo, agus roimhe sin, maidir le toghchán d'Údarás na Gaeltachta agus cén uair a bheidh an reachtaíocht ann agus a leithéid sin.

Gabhaim buíochas as an dea-ghuí a thug an Leas-Cheann Comhairle agus an Teachta dom ar maidin.

Ag a chruinniú den Mháirt, an 5 Márta 2024, ghlac an Rialtas cinneadh go ndréachtófaí, mar thosaíocht, an Bille um Údarás na Gaeltachta (leasú) agus forálacha ilghnéitheacha, 2024. Tá i gceist ag mo Roinn anois leanúint ar aghaidh le dréachtú an Bhille mar thosaíocht i gcomhar le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas. Foilsíodh ceannteidil leasaithe an Bhille ar shuíomh na Roinne ar an 16 Aibreán 2024. Is é príomhaidhm an Bhille an próiseas ainmniúcháin agus roghnúcháin reatha faoina rialaítear ceapacháin ar bhord Údarás na Gaeltachta a athrú go próiseas nua toghcháin agus roghnúcháin. Neartaíodh agus leathnaíodh go mór na forálacha leasaithe sa scéim ghinearálta i gcomparáid leo siúd a cuireadh i láthair i scéim ghinearálta Bhille Údarás na Gaeltachta (leasú), 2022.

Tá forálacha breise ar fáil sa reachtaíocht bheartaithe a dhéanann cur síos ar nósanna imeachta do chomhaltaí boird a bheidh ag baint leasa as saoire reachtúil, chun folúntais ócáideacha a líonadh agus chun neamhláithreachtí ó chruinnithe boird a láimhseáil. Chomh maith leis sin, beidh cead ag baill d'údaráis áitiúla a bheith ceaptha mar chomhaltaí do bhord an údaráis. Ní bheidh Comhaltaí Tithe an Oireachtais nó iad siúd a thoghfar mar ionadaithe i bParlaimint na hEorpa incháilithe chun bheith ina gcomhaltaí den bhord.

Foráiltear freisin sa scéim ghinearálta nuashonraithe do thrí choiste réigiúnacha in ionad an dá choiste a moladh sa bhun-scéim ghinearálta. Beidh na coistí seo comhdhéanta de chomhaltaí boird agus ionadaithe áitiúla ó na réimsí seo a leanas: i réigiún an tuaiscirt, beidh triúr comhalta tofa an údaráis ann don réigiún seo chomh maith le comhalta amháin ó gach ceann de chomhairlí contae Dhún na nGall agus Mhaigh Eo; i réigiún an iarthair agus an oirthir, beidh ceathrar comhalta tofa an údaráis ann don réigiún seo chomh maith le comhalta amháin ó gach ceann de chomhairlí contae na Gaillimhe agus na Mí; agus i réigiún an deiscirt, beidh triúr comhalta tofa an údaráis ann don réigiún seo chomh maith le comhalta amháin ó gach ceann de chomhairlí contae Chorcaí, Chiarraí agus Phort Láirge. Tá sonraí nua ó thaobh fheidhmeanna na gcoistí réigiúnacha seo sa scéim ghinearálta nua chomh maith.

Tá dáta na dtoghchán á choinneáil faoi athbhreithniú de réir mar a théann an obair dhréachtaithe ar aghaidh, ach níl aon dabht nach mbeidh na toghcháin ar siúl ar an 7 Meitheamh. Beidh mé ag déanamh teagmhálacha príobháideacha eile de bharr sin agus rinne mé cinneadh é sin a rá mar níl sé réadúil na toghcháin a bheith ar siúl ar an 7 Meitheamh.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá an Rialtas imithe siar ar ghealltanas a tugadh go mbeadh dréacht-Bille os ár gcomhair roimh mhí Aibreáin. Ní hé seo an chéad ghealltanas maidir leis an mBille seo. Aithním go bhfuil ceannteidil nua ann. Rinneamar a lán oibre anuraidh i gCoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus rinneamar brostú ar an obair sin chun cuidiú leis an Rialtas, mar a dúramar ag an am, is é sin go mbeadh Bille os ár gcomhair agus go mbeimid in ann an toghchán a bheith ar chomhchéim leis na toghcháin áitiúla agus na hEorpa. Is trua linn é sin.

Dáiríre, fiafraím den Aire Stáit cén uair a fheicimid an Bille nua nó an bhfuilimid chun an deis a thapú díriú isteach ar na cumhachtaí iomlána a bheidh ag Údarás na Gaeltachta nach bhfuil aige faoi láthair agus, dá réir, an gcuirfidh sé sin moill leis seo?

Déarfainn ar dtús nach bhfuil mé ag iarraidh moill a chur ar an reachtaíocht seo. Tá mé ag iarraidh go léifear an reachtaíocht sa Dáil agus sa Seanad agus go n-éireoidh leis an mBille seo a chur ina Acht roimh an samhradh. Is é sin an aidhm atá agam. Tá na ceannteidil díreach foilsithe.

An é sin samhradh na bliana seo?

Is é samhradh na bliana seo agus is é sin an aidhm atá agam ach níl mé ach seachtain sa Roinn. Tá na ceannteidil foilsithe. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá sé seo. Tá roinnt rudaí ar mhaith liom leasú a dhéanamh orthu maidir le hÚdarás na Gaeltachta ach, ag an am céanna, níl mé ag iarraidh moill a chur ar an mBille agus ar an bpróiseas reachtaíochta. Tá daoine ag teacht chugam anois ag rá go bhfuil plean nó leasú acu agus ba mhaith liom machnamh a dhéanamh ar na leasuithe sin. Ag an am céanna, níl mé ag iarraidh moill a chur ar an mBille.

Molaim don Aire Stáit féachaint arís ar an tuarascáil a chuir an coiste le chéile agus fiú amháin ar na haighneachtaí bhí ansin. Tá a lán den stuif a bhí á lorg, agus a bhí agus a bheidh á lorg maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an toghchán, gafa ansin. Ní raibh gach ceist freagartha; tá a fhios againn sin. Cén uair a bheidh na ceannteidil foilsithe i nGaeilge mar níl siad ar an suíomh Idirlín ach i mBéarla? Tá sé go dona gur tharla sé sin arís mar gur tharla sé an uair dheireanach chomh maith.

Measaim gur cinneadh ciallmhar é ag an staid seo go raibh na ceannteidil nua foilsithe ach b'fhearr liomsa go mbeadh Bille ann. An bhfuil aon chinnteacht ann, fiafraím den Aire Stáit, mura shroichimid go mbeidh an Bille ann roimh an samhradh agus go mbeidh sé ann, ar a laghad, roimh dheireadh na bliana seo?

Maidir leis na ceannteidil a bheith as Béarla, chuir mé an cheist chéanna ar an Roinn. Nuair a d'fhéach mé ar dtús, bhí siad as Béarla agus chuir mé ceist cén fáth nach raibh siadsan as Gaeilge. Fuair mé iad ach níl an nasc Idirlín agam anseo. Tá siad ar líne mar go bhfuair mise iad cúpla lá ó shin.

Nuair a théitear ar shuíomh an Aire Stáit féin, brúitear an cnaipe agus tá teideal ar an gcnaipe i nGaeilge ach níl ach doiciméad amháin ann.

Okay, agus ní féidir linn glacadh leis sin. Beidh mé ag dul i dteagmháil leis an Roinn maidir leis sin ach caithfidh mé a rá gur chuir mé an cheist chéanna agus fuair mé iad so níl a fhios agam. Déanfaidh mé mo dhícheall é sin a athrú agus níl sé sin ceart mar ba cheart go mbeadh siad i dtosach trí Ghaeilge. Táim ag iarraidh comhoibriú ó na dréachtóirí agus tá siad faoi bhrú freisin. Tá an Bille seo ar liosta tosaigh an Rialtais a foilsíodh i rith na seachtaine seo. Beidh mé i dteagmháil leis na dréachtóirí, leis an Ard-Aighne agus le mo hoifigigh. Go cinnte, léifidh mé an tuarascáil atá foilsithe ag an gcoiste freisin. Ag an am céanna, má tá a lán oibre le déanamh maidir le leasuithe, cuirfidh sé sin moill ar an bpróiseas.

Top
Share