Skip to main content
Normal View

Limistéir Pleanála Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 April 2024

Thursday, 18 April 2024

Questions (21)

Catherine Connolly

Question:

21. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán soiléiriú a thabhairt ar aon teagmháil idir a Roinn, an Roinn Tithíochta agus brúghrúpa (sonraí tugtha) maidir leis na ceithre bhunéileamh atá acu faoin easpa tithíochta sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16855/24]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú gur chas oifigigh mo Roinne le déanaí le hionadaithe ón ngrúpa Bánú, a bunaíodh ag deireadh na bliana seo caite.  Bhí plé tairbheach ag mo chuid oifigigh leis an ngrúpa seo agus táthar ag dul a teacht le chéile leo arís sna seachtainí amach romhainn chun na nithe atá ardaithe acu a chíoradh tuilleadh.

Tuigtear dom go bhfuil ceithre gníomh ach go háirithe molta ag an ngrúpa le dul i ngleic leis an nganntanas soláthar tithíochta sa nGaeltacht. Is iad sin:

• go dtabharfaí, trí leasú cuí reachtaíochta, an chumhacht d'Údarás na Gaeltachta dul ag plé le soláthar tithíochta sa nGaeltacht;

• go dtabharfaí cead do mo Roinn fhéin usáid a bhaint as Achtanna dTithe (Gaeltachta) le tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge tithe a thógáil sa nGaeltacht;

• go dtabharfaí tús áite do chainteoirí Gaeilge teach a fháil ar cíos seachas tithe a bheith ligthe ar bhonn ghearrthréimhseach; agus,

• go ndéanfaí na dréacht threoirlínte Gaeltachta a fhoilsiú gan mhoill.

Ar ndóigh, is ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta.

Tá forálacha san Acht Pleanála agus Forbartha 2000 a aithníonn an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Chuige sin chuir mo Roinn tús le próiseas chun  treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a chur i dtoll a chéile dhá bhliain ó shin nuair a d'ardaigh an tAire Stáit ag an am an cheist leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Cuireadh dhá ghrúpa oibre le chéile ag an am agus, cé nach bhfuil na treoirlínte curtha amach le comhairliúcháin phoiblí go fóill, tá an t-uafás oibre curtha isteach san obair dhréachtaithe ó shin. Tá rúinín beag oibre le déanamh ag an dá Roinn go fóill ach tá súil agam go mbeidh dréacht foilsithe ag an Roinn Títhíochta i mbeagán achair.

Ní mór dom a lua chomh maith go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag breathnú go gníomhach chomh maith ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht faoi láthair agus beidh toradh na hoibre sin le feiceáil le linn na bliana atá romhainn.

Tá iarratas faighte agam féin díreach an tseachtain seo ón ngrúpa Bánú ar chruinniú chun a gcuid moltaí a phlé agus tá súil agam a bheith in ann an cruinniú sin a eagrú sna seachtainí amach romhainn.

Top
Share