Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 April 2024

Thursday, 18 April 2024

Questions (36)

Éamon Ó Cuív

Question:

36. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cathain atá sé i gceist aici an bille leasaithe ar Údarás na Gaeltachta a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16941/24]

View answer

Written answers

Ag a chruinniú den Mháirt 5ú Márta 2024, ghlac an Rialtas cinneadh go ndréachtófaí, mar thosaíocht, an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2024. Tá i gceist ag mo Roinn anois leanúint ar aghaidh le dréachtú an Bhille mar thosaíocht i gcomhair le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas.

Foilsíodh Ceannteidil an Bhille ar shuíomh na Roinne ar an 16 Aibreán 204. Tá an Bille seo ar Chlár Reachtaíochta an Rialtais le foilsiú le linn an téarma seo.

Top
Share