Ag a chruinniú den Mháirt 5ú Márta 2024, ghlac an Rialtas cinneadh go ndréachtófaí, mar thosaíocht, an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2024. Tá i gceist ag mo Roinn anois leanúint ar aghaidh le dréachtú an Bhille mar thosaíocht i gcomhair le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas.
Foilsíodh Ceannteidil leasaithe an Bhille ar shuíomh na Roinne ar an 16 Aibreán 2024.
Is é príomhaidhm an Bhille an próiseas ainmniúcháin agus roghnúcháin reatha faoina rialaítear ceapacháin ar bhord Údarás na Gaeltachta a athrú go próiseas nua toghcháin agus roghnúcháin. Neartaíodh agus leathnaíodh go mór na forálacha leasaithe sa Scéim Ghinearálta i gcomparáid leo siúd a cuireadh i láthair sa Scéim Ghinearálta Bhille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022.
Tá forálacha breise ar fáil sa reachtaíocht bheartaithe a dhéanann cur síos ar nósanna imeachta do chomhaltaí boird a bheidh ag baint leasa as saoire reachtúil, chun folúntais ócáideacha a líonadh agus chun neamhláithreachtaí ó chruinnithe boird a láimhseáil. Chomh maith leis sin, beidh cead ag baill d’údaráis áitiúla a bheith ceaptha mar chomhaltaí Bhord an Údaráis. Ní bheidh comhaltaí Tithe an Oireachtais nó iad siúd a thoghfar mar ionadaithe i bParlaimint na hEorpa incháilithe chun bheith ina gcomhaltaí den bhord.
Foráiltear freisin sa Scéim Ghinearálta nuashonraithe do 3 choiste réigiúnacha in ionad an 2 choiste a moladh sa bhun-Scéim Ghinearálta. Beidh na coistí seo comhdhéanta de chomhaltaí boird agus ionadaithe áitiúla ó na réimsí seo a leanas:
• I Réigiún an Tuaiscirt, beidh triúr comhalta tofa an Údaráis ann don réigiún seo chomh maith le comhalta amháin ó gach ceann de Chomhairlí Contae Dhún na nGall agus Mhaigh Eo;
• I Réigiún an Iarthair agus an Oirthir, beidh ceathrar comhalta tofa an Údaráis ann don réigiún seo chomh maith le comhalta amháin ó gach ceann de Chomhairlí Contae na Gaillimhe agus na Mí; agus,
• I Réigiún an Deiscirt, beidh triúr comhalta tofa an Údaráis ann don réigiún seo chomh maith le comhalta amháin ó gach ceann de Chomhairlí Contae Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge.
Tá sonraí nua ó thaobh fheidhmeanna na gCoistí Réigiúnacha seo sa Scéim Ghinearálta nua chomh maith.
Tá dáta na dtoghchán á choinneáil faoi athbhreithniú de réir mar a théann an obair dhréachtaithe ar aghaidh. Is léir anois, áfach, nach mbeifear réidh le n-iad a reáchtáil ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla.