Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 April 2024

Thursday, 25 April 2024

Questions (361)

Éamon Ó Cuív

Question:

361. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ó Chomhairle Contae na Gaillimhe le staidéar chun dáta a dhéanamh ar na riachtannais calaíochta in Inis Meáin; cén plé atá ar bun idir a Roinn agus an Chomhairle Contae faoi seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18639/24]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as forbairt céanna ar na hOileáin Árainn, Inis Meáin san áireamh.

Bíonn cruinnithe rialta idir feidhmeannaigh na Roinne agus Comhairle Contae na Gaillimhe chun plé agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt céanna ar Inis Oírr agus Inis Meáin. Reáchtáladh an cruinniú ba dheireanaí ar an 16 Aibreán.

Ag an gcruinniú sin, pléadh cáipéis a d’ullmhaigh an Chomhairle Contae chun comhairleoirí a cheapadh le breathnú ar gach aon rogha a d’fhéadfadh a bheith ann chun áiseanna sábháilte cuain a chur ar fáil ar Inis Meáin. Is gá seo a dhéanamh i gcomhréir leis na Treoirlínte Bonneagair agus Riachtanais Chaiteachais Phoiblí an Rialtais, a foilsíodh i mí na Nollag 2023.

Tá beannacht na Roinne tugtha don Chomhaire Contae le seachtain anuas tús a chur leis an bpróiseas tairisceana chun comhairleoirí a cheapadh le tabhairt faoin obair sin.

Aontaíonn mo Roinn agus Comhairle Contae na Gaillimhe go gcaithfear deiseanna rannpháirtíochta a thabhairt do phobal Inis Meáin leis na comhairleoirí neamhspleácha a bheidh le ceapadh, chun cinntiú go mbeidh ionchur ag an bpobal uile sa phróiseas.

Leanfaidh mo Roinn ag comhoibriú le Comhairle Contae na Gaillimhe ar mhaithe leis an bpróiseas sin a thabhairt chun críche agus comhairleoirí a cheapadh chomh luath agus is féidir.

Top
Share