12 Jun 2013, 17:10
Buailfidh an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta le raon eagraíochtaí amárach chun an tAcht Gaeilge do Thuaisceart Éireann a phlé agus pléifear chomh maith an dul chun cinn atá á dhéanamh chun an teanga a fhorbairt i dTuaisceart Éireann.
12 Meitheamh 2013
Tabharfaidh na daoine seo a leanas aitheasc uathu ag an gcruinniú amárach:
- Janet Muller as Pobal, a thacaíonn le cainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann;
- Linda Ervine, oifigeach forbartha Gaeilge le Misean Bhéal Feirste Thoir;
- Niall Ó Catháin as Coiste Forbartha Charn Tóchair / Coiste Pobail Charn Tóchair - pobal beag de chainteoirí Gaeilge atá ag méadú i gceantar sléibhe Speirín, agus
- Aodán Mac Poilín as Iontaobhas Ultach, carthanas trasphobail Gaeilge atá lonnaithe i mBéal Feirste
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seosamh Mac Aodha TD: “Thug rialtas na Breataine tiomantas i gComhaontú Chill Rímhinn go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach ag tarraingt ar an taithí a bailíodh sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn agus go n-oibreoidís leis an bhFeidhmeannacht chun forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint. Beidh deis againn amárach éisteacht le tuairimí raon leathan de dhaoine éagsúla atá ag obair le Gaeilge ag an mbunleibhéal i dTuaisceart Éireann.
“Tá an cruinniú seo ag teacht sna sála ar sheoladh foilseacháin nua ar an nGaeilge a sheol Pobal chun teacht le comóradh 15 bliana shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tabharfaidh ionadaí Pobal, ar scáthghrúpa é do chúrsaí Gaeilge i dTuaisceart Éirinn, píosa cainte uaidh agus cloisfidh an Coiste chomh maith ó lucht tacaíochta Gaeilge as ceantair chathracha agus thuaithe. Mar Choiste, beidh suim againn go háirithe san obair atá á déanamh chun ceangal a chothú idir an Ghaeilge agus daoine ón traidisiún Protastúnach i mBéal Feirste Thoir.”
Beidh an cruinniú ar siúl ag 12 p.m. amárach, 13 Meitheamh i Seomra Coiste 4 in TL 2000. Is féidir féachaint beo ar imeachtaí an Choiste anseo.
Lean an Coiste seo ar Facebook.
Críoch
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le:
Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An t-Aonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
paul.hand@oireachtas.ie
Comhaltaí an Choiste:
Teachtaí Seán Ó Connalláin, Seán Mac Concradha, Clare Daly, Regina Doherty, Frank Feighan, Máirtín Ó Fearghusa, Lúcás ‘Ming’ Ó Flannagáin, Peadar Mac Giolla Phádraig, Micheál P. Ó Ceit, Seosamh Mac Aodha, Aodhán Ó Ríordáin, Seosamh Ó Raghallaigh, Breandán Mac Gabhann agus Joanna Tuffy.
Seanadóirí Jim D’Arcy, Muiris Ó Cuimín, Maire Uí Mhóráin, Mary White.
Cathaoirleach: Seosamh Mac Aodha, TD. Leas-Chathaoirleach: Seosamh Ó Raghallaigh, TD