7 Jul 2014, 17:38
Tugtar cuireadh duitse, nó d’ionadaí de do chuid, freastal ar sheoladh Tuarascála ar Úsáid na nEalaíon chun Míbhuntáiste a Chomhrac ón gCoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Seolfar an tuarascáil Dé Céadaoin, an 9 Iúil ar 11.30 i Seomra Closamhairc Theach Laighean.
Dúirt Micheál Mac Cárthaigh, Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht: “Is prionsabal bunaithe a bhfuil glacadh leis go forleathan na healaíona a úsáid chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus chun eisiamh agus míbhuntáiste a chomhrac. Tacaíonn an taighde idirnáisiúnta leis an mbeartas sóisialta seo agus tá sonraí suntasacha fianaise bhunaithe ann a dhearbhaíonn a éifeachtaí atá sé ó thaobh aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sóisialta ar shlí neamhchomhraiceach, fhadtéarmach, fhorbarthach. Thionóil ár gCoiste sraith cruinnithe táirgiúla, faisnéiseacha le páirtithe leasmhara agus geallsealbhóirí, agus seolfaimid tuarascáil Dé Céadaoin a bheidh bunaithe ar na héisteachtaí sin agus ina mbeidh roinnt tuairimí agus moltaí.”
An Ócáid: Seoladh Tuarascála ar Úsáid na nEalaíon chun Míbhuntáiste a Chomhrac ón gCoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht
An Áit: An Seomra Closamhairc, Teach Laighean
Dáta: Dé Céadaoin, an 9 Iúil 2014
Am: 11.30 am
Beidh cóipeanna den tuarascáil ar fáil ag an seoladh agus beidh an tuarascáil ar fáil ar líne i ndiaidh na hócáide.
Má theastaíonn uait freastal ar an ócáid seo ní mór duit a bheith creidiúnaithe chun freastal ar chruinnithe mionteagaisc i dTeach Laighean. Chun socrú a dhéanamh creidiúnú a fháil don ócáid seo nó chun a thuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le do thoil, le:
Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Comhaltas an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht
Teachtaí: Séamus Ó Banáin TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin TD (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger TD (An Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Uí Chinnéide TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain TD (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh TD (Páirtí an Lucht Oibre), Cathaoirleach; Sandra Nic Giolla Fhaoileáin TD (Sinn Féin); Antaine Mac Lochlainn TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú TD (Neamhspleách); Gearalt de Nais TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl TD (Fianna Fáil); Brian Stanley TD (Sinn Féin).
Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael) An Seanadóir Donnchadh Leaindí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Caitríona Ní Nuáin (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).