Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag féachaint ar na gnéithe éagsúla agus neamhchoitianta arbh fhéidir ábhair Ghaeilge a chur ar fáil don phobal tríothú

14 Jun 2022, 14:15

Amárach, Dé Céadaoin, an 15 Meitheamh, leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh lena bhreithniú ar Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge agus ar conas is féidir iad a spreagadh. Tosóidh an cruinniú ar 14.15 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Beidh ionadaithe thar ceann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann os comhair an Chomhchoiste agus beidh na Comhaltaí ag tnúth leis na hacmhainní atá ar fáil sa Leabharlann, mar aon le conas is féidir na hacmhainní sin a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, idir chruachóipeanna agus rochtain ar líne, a phlé leo.

“Chomh maith leis sin, beidh ár mbreithniú á dhéanamh againn ar na roghanna éagsúla, cuir i gcás greannáin, leabhair crosfhocal, leabhair cuardaigh focal, srl, trínarbh fhéidir ábhair Ghaeilge a chur ar fáil don phobal agus a chur ar fáil do dhaoine nach léann leabhair Ghaeilge de ghnáth, agus beidh ionadaithe thar ceann Coimicí Gael agus Ruaille Buaille, thar ceann Dalen Éireann, thar ceann www.cluiche.ie agus thar ceann www.siopaudar.ie, siopa Ghlór na nGael ar-line, ag an gcruinniú chun na féidearthachtaí sin a phlé linn.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share