17 Jul 2023, 15:30
Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta tar éis a thuarascáil a fhoilsiú ar ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), tar éis dó í a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá 22 mholadh fhiúntacha mar chuid den tuarascáil seo, agus tá ciall agus tábhacht ag baint le gach ceann acu. É sin ráite, ba mhaith leis an gComhchoiste aird an Rialtais agus an phobail a tharraingt ar roinnt díobh, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo.
“Ar an gcéad dul síos, aithníonn an Comhchoiste gur coinníoll docht neamh-intráchta é an coinníoll go mbeidh Gaeilge líofa fheidhmiúil i labhairt, i léitheoireacht agus i scríobh na Gaeilge, ag gach uile bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta. Tuigeann an Comhchoiste an tábhacht a bhaineann leis an daonlathas agus leis an ionadaíocht fhorleathan nuair atá bord mar seo á chur le chéile.
“Mar sin, tá sé á mholadh ag an gComhchoiste go gcuirfear córas toghchánaíochta i bhfeidhm a chinnteoidh an ionadaíocht fhorleathan sin ó gach cúige, contae agus limistéar pleanála teanga ina bhfuil ceantair Ghaeltachta lonnaithe. Aithníonn an Comhchoiste an tábhacht ar leith a bhaineann leis an moladh seo i gcomhthéacs na gceantar beag Gaeltachta cosúil le hUíbh Ráthaigh, agus i gcomhthéacs thodhchaí agus inmharthanacht na gceantar beag Gaeltachta sin.
“Is é tuairim an Chomhchoiste go bhfuil gá le córas a chur i bhfeidhm lena gcinnteofar, a mhéid is féidir, go mbeidh cothromas inscne i mballraíocht an bhoird. Tá sé á mholadh ag an gComhchoiste gurb í an tslí is fearr chun an uaillmhian sin a bhaint amach ná córas idirdhealaithe dhearfaigh a chur i bhfeidhm. Ceann de na bealaí is fearr chun tabhairt faoi seo is ea beirt a thoghadh i ngach aon toghcheantar a mbeidh níos mó ná suíochán amháin ann: fear agus bean.
“Aithníonn an Comhchoiste nár tugadh cothrom na féinne don Údarás i gcaitheamh na mblianta i gcomparáid leis an Údarás Forbartha Tionscail agus Fiontraíocht Éireann, agus go mórmhór le linn na géarchéime ba dhéanaí. Mar sin féin, is mian leis an gComhchoiste a dhlúthchomhar leis an Údarás agus le pobal na Gaeltachta a léiriú go hoscailte, agus is mian linn, Comhaltaí an Chomhchoiste, a rá go bhfuil súil againn nach dtarlóidh a leithéid arís.
“Agus i dtaca leis an tacaíocht sin, tá sé á mholadh ag an gComhchoiste go mbeidh, as seo amach, an méid den mhaoiniú Stáit a fhaigheann Údarás na Gaeltachta ceangailte, i dtéarmaí céatadáin, leis an méid airgid Stáit a fhaigheann an tÚdarás Forbartha Tionscail agus Fiontraíocht Éireann. Ag an am céanna, agus i gcomhthéacs leochaileacht na Gaeltachta agus na gcúinsí teangeolaíocha agus cultúrtha a bhaineann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge, molann an Comhchoiste nach féidir leis an bhforáil seo a bheith ina bhac ar an Rialtas ná ar aon Aire den Rialtas maoiniú breise a chur ar fáil don Údarás nuair is gá a leithéid a chur ar fáil dó.
“Aithníonn an Comhchoiste an tábhacht a bhaineann le fochoistí Bhord Údarás na Gaeltachta, agus chun iad siúd a dhéanamh níos oiriúnaí don fheidhm a bhaineann leo, molann an Comhchoiste go ndéanfar athstruchtúrú ar na coistí réigiúnacha, agus go n-athchruthófar iad mar thrí Choiste Cúige. Molann an Comhchoiste go mbeidh an chumhacht ag an Rialtas beirt a cheapadh ar gach ceann de na Coistí Cúige sin, agus go dtiocfaidh na Coistí Cúige le chéile, ar a laghad dhá uair sa bhliain, mar Choiste Straitéiseach Náisiúnta.
“Tá súil ag an gComhchoiste go dtabharfaidh an tAire agus an tAire Stáit moltaí fiúntacha uile na tuarascála seo dá n-aire, agus go gcuirfear mar leasuithe agus mar fhorálacha nua iad sa Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022.”
Is féidir an tuarascáil seo a léamh anseo.
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, ina gComhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews