Skip to main content
Normal View

COMMITTEE ON PROCEDURE AND PRIVILEGES (Sub-Committee on Seanad Reform) debate -
Wednesday, 17 Sep 2003

Vol. 1 No. 2

Presentation by Comhar na Múinteoirí Gaeilge and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Witnesses: Ms Helen Ó Murchú, Ms Clare Walsh, Mr. Dónall Mac Diarmada and Mr. Pádraig Ó Ceithearnaigh.

Dia daoibh agus tá fáilte romhaibh go léir. Níl Gaeilge agam go líofa ach tuigfidh mé a déarfaidh sibh. You are all welcome. We are looking forward to hearing from you. This is an all-party committee which very much welcomes the submissions you have made and the trouble you took. Some months ago Helen Ó Murchú made a most lucid and carefully constructed submission to me on her experiences as a potential Senator when on the campaign trail. I thank the representatives of the two groups for coming here this afternoon. Am I correct in saying your viewpoints are shared?

Mr. Ó Ceithearnaigh

Yes.

While we will have two main questioners, anyone can contribute questions. This is the way we have divided up all of the submissions. Our two questioners are Senators Ryan and Dardis. The answers may be given by various delegates.

Ms Ó Murchú

Go raibh maith agat. Thar ceann dá bhfuil anseo againne, Comhairle Múinteoirí Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus baill eile den choiste as ghlacadh lena chuir muid isteach agus as a bheith chomh cúirtéiseach le cuireadh a thabhairt dúinn. Tuigim go bhfuil deireadh an lae ann, go raibh lá fada ag an choiste agus go bhfuil baill rud beag tuirseach faoin am seo.

Bhí dhá chuid sa litir a fuaireamar, go mbeadh léiriú ar dtús agus ansin ceisteanna ón gcoiste.

Sin díreach é.

Ms Ó Murchú

Ba mhaith liom díriú ar chúpla prionsabal ar dtús. Bhíomar ag éisteacht agus tá a fhios againn go bhfuil an coiste tar éis cuid de seo a chloisint cheana ach is dócha gurbh í an bhuncheist i gcónaí ná cad chuige an Seanad agus cén fáth go bhfuil Seanad ann? Mar is eol dúinn, bhí commission of inquiry i ndeireadh na 1930s agus tá súil againn go mbeidh toradh níos fearr ar an obair atá idir láimhe inniu ná mar a bhí ar an gcoimisiún áirithe sin.

An chéad phrionsobal - cén fáth go bhfuil a leithéid de Thigh ann agus cé dóibh é? Tá muidne mar dhaoine atá ionadaíoch ar an-chuid de na forais ainmniúcháin agus tá muid an-láidir ar an dtuairim go mba chóir go mbeadh rólla i bhfad níos gníomhaí ag na forais ainmniúcháin. Sa gcomhfhreagras a bhí eadrainn, go háirithe ón Seanadóir Brian Hayes, tógadh an cheist an bhfuil a leithéid de chur chuige, an cur chuige a bhaineann le cúrsaí gairme agus feidhme, fós i réim sa lá atá inniu ann. Is dócha gur gá féachaint ar sin ó dhá threo.

Sa gcoimisiún i 1939 - tháinig an tuarascáil amach i 1943 - bhí na forais ag an am sin dírithe ar chorparáideachas agus dhéanfainn idirdhéalú idir chorparáideachas ag leibhéal an Stáit agus corparáideachas ag leibhéal an phobail. Braithim gurb é an freagra atá againn air sin inniu ná an difiríocht atá idir pholaitíocht ionadaíochta agus polaitíocht atá rannpháirtíoch - participatory democracy. Ar an mbonn sin atá na forais ainmniúcháin ann agus, ar an mbonn sin, ba chóir go mbeadh ról i bhfad níos gníomhaí acu. Ag feidhmiú de réir an Bhunreachta féin, ba chóir go mbeadh vótáil lán-dhíreach ar siúl ag na forais ainmniúcháin.

Na baill de na forais nó na forais iad féin?

Ms Ó Murchú

Déanaim idirdhealú sa phaipéar atá agam féin idir iad a bheith ag na baill agus ag na forais. Go pearsanta, is dóigh liom go mba chóir go mbeadh vótáí ag na forais mar ní hionann an líon ball ag foras amháin agus ag foras eile agus dá bhrí sin ní bheadh sé ró-chothrom. Bhraith mé gurbh fhearr gur ag na forais a bheadh an vóta ach, ní nach ionadh, tá go leor tuairimí éagsúla fá seo.

Cén tslí a bheadh an vótáil? Ní bheadh an líon vótaí mórán níos lú ná na vótaí atá ann i láthair na huaire idir an chéad 66, móide na Seanadóirí, móide na comhairleoirí. Ní bheadh an líon vótaí i bhfad níos lú mar tá thar 90 foras ainmniúcháin ann i láthair na huaire. Is féidir leis na forais féin dul i dteangbháil leis na baill acu féin fosta.

Rinne mé moladh eile. Ós rud é go bhfuil líon na bhforas an-éagsúl agus an-éagothrom ó rolla go céile - níl ach dhá cheann i gcúrsaí saothair agus b'fhéidir 15 nó 20 faoi chinn eile - is féidir smaoineamh ar bhloic a dhéanamh laistigh de na cinn an-mhór. Thiocfadh le muintir na Gaeilge a chur le chéile mar bhloc agus muintir disability mar bhloc agus bheadh sé níos cothroime déileáil le rudaí sa tslí sin.

Sin an phríomhphointe a theastaigh uainn a dhéanamh ó thaobh na bhforas agus cúrsaí vótála, nach bhfuil an coras atá ann inghlactha sa saol atá ann mar go bhfuil ról an Stáit chomh hathraithe thar mar a bhí. Anois tá an stát i ngach tír sa choras daonlathach difriúil. Tá an stát agus dreamanna difriúla amuigh ag comhoibriú le chéile chun aidhmeanna agus polasaithe an stáit a bhaint amach. Ní corparáideachas ar fad atá i gceist ach an daonlathas rannpháirtíoch.

Tá ról an tSeanaid bainteach le dearcadh difriúil a bheith ar fáil. Ní gá éisteacht leis ach is gá é a bheith ar fáil agus go bheadh sé mar chabhair nuair a bheadh reachtaíocht á chruthú. Dhéanfadh sin an reachtaíocht i bhfad níos fearr, níos inghlactha agus níos oscailte do mhuintir na hÉireann. Ba chóir go mbeadh an tsochaí, an saol eacnamaíoch agus soisialta le cloisint agus go mbeadh reachtaíocht ag teacht faoina dtionchar ar an módh is fearr.

Baineann an dara phointe leis an difríocht an-mhór ó thaobh an daonlathais de atá idir róla na n-ollscoileanna agus an chúig róla eile. Tá róla na n-ollscoileanna an-dhaonlathach. I láthair na huair is iad na daoine atá mar chéimithe a bhíonn ag vótáil isteach na n-ionadaithe acu féin. Tá sé sin chomh daonlathach agus is féidir a fháil. An an am gcéanna tá sé amscaí go leor, mar is eol, dos na daoine sin teacht ar liostaí na n-ainmneacha agus eile, ach tá sé chomh daonlathach agus is féidir. Mar sin, tá difríocht an-mhór idir an rolla áirithe sin agus an chúig rolla eile. Sin rud eile atá go mór i gcoinne an daonlathais. Ó thaobh na comhramaíochta de, ón tslí go bhfuil an saol athraithe ó thaobh an tríú leibhéil de agus ó thaobh an rochtain atá ag muintir na hÉireann anois ar chúrsaí oideachais ceapaimid nach bhfuil sé cothrom go mbeadh an cead teoranta do Choláiste na Tríonóide agus donn cheithre ollscoil gur chuid de Ollscoil Náisiúnta na hÉireann iad. Tá dha ollscoil nua ann agus tá oideachas tríú leibhéil i gcoitinne imithe i méid agus ba chóir aird a thabhairt air sin. Glacaim leis, cé go bhfuil sé an-thábhachtach, gur ghnó an-chasta go deo é sin. Mar dhuine a bhfuil céim agam ó chupla ceann díobh, agus cupla vóta dá réir, má chloímid le 60 Sheanadóir ar fad braithim nár chóir go mbeadh níos mó ná sé shuíochán acu mar nach mbeadh sé cothrom ar na coda eile den tsochaí in Éirinn.

Tá go leor ar fáil cheana féin ins an mBunreacht agus ins an leasú a deineadh i 1979 chun gur féidir gach rud atá ag teastáil a dhéanamh gan reifreann eile. Ba chóir tosnú lena leithéid sin.

Caithfidh mé a rá go bhfuil tuairimí fíor-shuimiúla ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Léigheas gach rud a chuir an dá eagras chugainn.

Ní dóigh liom go bhfuil éinne fágtha sa Seanad nach n-aontaíonn faoi cé chomh mícheart is atá sé go bhfuil rolla na n-ollscoileanna srianta go dtí na sean ollscoileanna agus go bhfuil gach céimí eile fágtha amach as an gcóras. Tá dhá rogha fágtha: go gcuirfear deireadh leis na suíocháin nó go n-athrófar an rolla. Níl an tríú rogha ann. Ceapaim féin gur cheart go n-athrófar an rolla. Nil mé chun na ceiste sin a plé mórán mar is é mo thuairim go bhfuil glactha leis.

Tá suim faoi leith agam ins na moltaí faoi na rollaí eile. Maidir leis na hainmneacha atá ar na rollaí, an bhfuil siad oiriúnach a thuilleadh? Fiú amháin má ghlacaimid go bhfuilimid chun leanúint le rollaí mar siúd atá bunaithe ar shaothar an duine ceapaim go bhfuil na rollaí as dáta. Tá tábhacht na talmhaíochta, mar shampla, imithe i laghad agus tábhacht na tionsclaíochta méadaithe i bhfad. Maidir le todhchaí na Gaeilge, mar shampla, d'fhéadfaí argóint a dhéanamh gur cheart tacaíocht a thabhairt do theanga atá faoi bhrú agus go mb'fhéidir go bhféadfaí an rolla sin a athrú. Ar deineadh aon smaoineamh ar na ceisteanna sin? Tá a fhios agam go bhfuil ainmneacha na rollaí sa Bhunreacht ach is féidir an Bunreacht a athrú má tá cúis mhaith againn.

Faoin gcóras todhchánaíochta atá molta, is é sin go mbeadh vótaí ag na forais ainmniúcháin, tuigim go moltar go mbeadh vóta amháin ag gach foras ainneoin cé chomh mór nó cé chomh beag is atá sé. Cén fáth go bhfuil Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge i gcoinne an vóta a bheith ag baill na bhforas? Deirtear sa leagan Bhéarla "because of possible anomalies". Tá an dá leagan mar an gcéana ach níl an abairtín sin sa leagan Gaeilge. Sa Bhéarla deirtear, "while members may be consulted". Ceapaim féin gur chóir go mbeadh sé de dhualgas go mbeadh rolla de shaghas éigin ag baill gach fhoras ainmniúcháin, b'fhéidir tré thoghchán a eagrú taobh istigh den fhoras sul a chaitheann an foras vóta sa Seanad nó tre vóta a thabhairt do gach ball. Cén fáth gur thángthas chuig an chinneadh go mbeadh sé níos fearr an vóta a thabhairt don fhoras amháin? Dá mba rud é, mar shampla, go raibh an INTO ag vótáil agus an Seanadóir O'Toole i gceannas air bheadh an cinneadh go léir ag an Seanadóir O'Toole, ach amháin dá mbeadh vótaí ag baill iomlán an INTO.

Ms Ó Murchú

Bhain an chéad cheist ag an Seanadóir Ryan leis an tslí go mb'fhéidir nach bhfuil na rollaí éagsúla i láthair na huaire ionadaíoch faoi mar ba chóir dóibh a bheith. Glacaim go hiomlán leis sin. Tá an saol athraithe. Tá daoine rópálaithe isteach i rolla amháin toisc gur ceapadh gurb fhearr iad a chur ansin seachas faoi aon rolla eile. Níl aon amhras ach go mba chóir féachaint athuair ar an tslí a bhfuil Éire i láthair na huaire agus athraithe a dhéanamh dá réir. Ní bheadh aon amhras ag aon duine againn faoi sin.

Maidir leis an dara cheist, níl aon rud atá ráite againn greannta i gcloch. Machnamh atá ag éabhlóidiú atá ann. Seo an chéad uair go bhfuaireamar deis a leithéid seo a dhéanamh agus a bheith ag machnamh. Toisc go bhfuil an líon ballraíochta an-éagothrom ar fad maidir leis na rollaí difriúla ó ionad amháin go dtí ionad eile - mar shampla, níl ach dhá cheann i rolla amháin - féachann sé an-éagothrom dúinn agus bhíomar ag ceapadh go mb'fhéidir go mbeadh sé níos fearr go mbeadh na daoine atá mar bhaill tar éis teacht ar chomh-shocrú eatartha féin. Ach, níl aon rud i gcoinne an rud atá molta ag an Seanadóir Ryan ach oiread, is é sin go ndéanfaí é ar bhonn i bhfad níos leithne. Níl an méid atá ráite againn greannta i gcloch. Níl ann ach córas atá ag éabhlóidiú.

Tá an ceart ar fad ag an Seanadóir Ryan ó thaobh an daonlathais de. Ba chóir go mbeadh tuiscint, ar a laghadh, ag gach ball de fhoras ainmniúcháin go bhfuil lámh aige nó aici ins an obair. Ba chóir gur mar sin a déanfaí é.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Is trua liom go bhfuil formhór mo chuid Gaeilge caillte agam ón am a d'fhoghlaim mé í i gCorcha Dhuibhne.

Ms Ó Murchú

Nil sí caillte.

Déanfaidh mé iarracht. Caithfidh mé na ceisteanna a chur as Béarla ach fáilteoidh mé roimh freagra i nGaeilge.

Regarding the appeals body, an choiste athamhairc, we are conscious of the constitutional aspect of the matter and the defined separation of powers between the Oireachtas and the courts. There is an overlap into which we might be reluctant to enter. There is increasing scope for the appointment of an ombudsman for justice, children and so on. Therefore, there is scope and also recourse to the courts. I ask the delegation to elaborate on this aspect of the appeals body. I have reservations, particularly when I gather there could be recourse to a judicial review in the High Court.

The other matter relates to the universities. I accept what Ms Helen Ó Murchú said about the franchise and the extension of the number of eligible universities. How wide would she draw the net? Should only graduates form the electorate or should undergraduates be included?

Comhar na Múinteoirí Gaeilge had one novel proposal concerning the Civic Forum for Northern Ireland as being an appropriate body to allow Northern Ireland representation. We have received an alternative proposal that representatives could be drawn from the Assembly. Does the delegation believe it would be an appropriate body from which to draw representation from Northern Ireland or does it believe representation should be drawn exclusively from the civic forum?

Ms Ó Murchú

Tá trí cheist ansin ag an Seanadóir agus déileálfaidh mé leo ón deireadh siar mar is mar sin a oibríonn mo chuimhne. Ní raibh i gceist ins an moladh deireannach ach a chinntiú go raibh fóram éigin ann, bíodh sé ina Civic Forum nó ins an gceann polaitiúil. Tríd sin, i dtús ama, bheadh sé níos fusa teacht ar ionadaíocht ó Thuaisceart Éireann. Tá Tuaisceart Éireann an-chasta agus tá sochaí Thuaisceart Éireann casta. Is gá, dá réir, teacht ar na hinstidiúidí atá ann atá ionadaíoch chomh mór agus is féidir ar phobal iomlán Thuaisceart Éireann agus a bhfuil seasamh acu i láthair na huaire. Is é an fáth gur fhágas amach cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann ná gurb é an Civic Forum an chéad uair a deineadh iarracht ar theacht ar na cineálacha daoine a ba chóir, go pointe áirithe, éisteacht lena nguth. Dá mbeadh mo rogha agam is é an Civic Forum a roghnóinn ach ní bheadh aon rud agam i gcoinne iad a theacht tríd an chanáil pholaitíochta atá ann i láthair na huaire.

The other questions related to University Senators and the appeals board.

Ms Ó Murchú

Maidir leis na hollscoileanna, cé go bhfuil dioplómaí agam ó ollscoileanna áirithe agus céimeanna ó chinn eile bheadh luí agam féin cloí le céimithe, sa mhéid is gur daoine iad atá tar éis teacht tríd an gcóras go ceann tamaill áirithe agus go mb'fhéidir go mbeadh sé níos fusa i láthair na huaire an t-athrú sin a dhéanamh seachas níos mó ná athrú amháin. Tuigim nach bhfuil sé iontach daonlathach uaim an méid sin a rá.

Cad mar gheall ar na coláistí príobháideacha?

Ms Ó Murchú

Bheadh deacracht agam leo san, os rud é nach bhfuil siad bunaithe faoin Stát agus go bhfuil roinnt dá gcéimithe á n-aithint ag dreamanna lasmuigh den Stát seo. Mar shampla, tá roinnt des na hollscoileanna ins an Bhreatain Bheag agus is iadsan a thugann aitheantas dos na céimithe ó Choláiste Portabello. Bheadh deacracht agam go pearsanta leis sin. Ag an am gcéanna tá oideachas ard-leibhéal níos leithne go mór ná na hollscoileanna agus tá na hollscoileanna atá ann i láthair na huaire níos leithne ná an méid go dtugtar vóta dóibh. Mar sin, ó thaobh cirt ba chóir go leathnófaí cúrsaí go dtí an tríú leibhéal, mar atá ceadaithe ins an mBunreacht, seachas go dtí na hollscoileanna amháin. Sin mo thuairim phearsanta agus tá glactha ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis. Bheadh amhras orm faoi na coláistí príobháideacha.

Maidir leis an chéad cheist, níl an taithí leathan go leor agam chun freagra ceart meáite a thabhairt uirthi sin. Níl de nós agam freagraí a thabhairt muna bhfuil machnamh déanta agam. D'fhéadfainn freagra i scríbhinn a chur chuig an Seanadóir ar ball nuair a bheadh machnamh ceart déanta agam air.

Go raibh míle maith ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge as ucht an méid atá ráite acu agus a chuir siad chugainn roimhe seo. Aontaím go mór le gach gné den mhéid atá ráite ag Iníon Uí Mhurchú faoi na hollscoileanna. Ach níl an méid atá ráite aici mar gheall ar na forais agus an córas toghcháin atá i gceist aici soiléir dom fós. Tá an-mheáchan san argóint a dhein sí, is é sin gur chóir dos na forais a bheith níos ghníomhaí. Aontaím leis sin. Ag cur leis sin dúirt sí gur chóir go mbeadh rannpháirtíocht níos mó ag na forais ná mar atá acu faoi láthair. Ach ansin nuair a chuir an Seanadóir Ryan ceist uirthi cén fáth nach mbeadh rannpháirtíocht ag gnáth baill des na forais dúirt sí go mbeadh éagcothramaíocht eatarthu. Níl aon argóint ag baint leis sin. Is ionann sin agus a rá go bhfuil níos mó daoine i gCorcaigh ná mar atá i gCiarraigh. Níl aon argóint ag dul leis sin, ann féin. Luadh nach raibh ach dhá fhoras ar phainéal an lucht oibre ach tá 750,000 bhall i gceann amháin des na forais sin. Bhí toscairí ag míniú dúinn ar maidin an córas inmheánach atá ag foras s'acu san chun teacht ar ainmneacha. Téann siad thar n-ais go dtí baill na affiliated organisations atá laistigh den fhoras, bíonn cruinnithe acu siúd agus tagann na hainmneacha tríthu go bord an fhorais. Bhí sé an-shuimiúil a bheith ag éisteacht leis an míniú sin. Bhraitheas, agus mé ag éisteacht leo, nach raibh ansan ach céim bheag amháin chun universal suffrage a thabhairt dos na baill ar fad. Tá an córas sin i bhfad níos daonlathaí. Aontaím leis an rud a dúirt Iníon Uí Mhurchú mar gheall ar rudaí a chur amscaíoch - is maith an rud é sin - ach níl tuiscint agam ar na deacrachtaí a bheadh ann an rud a leathnú amach do bhaill na bhforas.

Ms Ó Murchú

Is dócha go mbíonn níos mó ná hata amháin orainn go léir agus sinn ag caint.

Tuigim é sin níos mó ná a lán daoine eile. Bíonn orm seiceáil go minic cén hata a bhíonn orm féin.

Ms Ó Murchú

Maidir le feidhmiú an daonlathais, an rud a bhí i gceist agamsa ná gurbh fhéidir le gach foras, ní nach ionadh, a bheith ag fáil tuairimí na mball i dtreo is go dtiocfaí ar aontú cén duine a dtabharfaí vóta an fhorais dó. Níl sé i gceist go mbeadh cúpla duine ag an mbarr le chéile ag socrú na rudaí seo. Ní chuige sin a bhíos. Bíonn ár gcuid machnaimh ar na rudaí seo ag éabhlóidiú an t-am ar fad.

Tuigim é sin.

Ms Ó Murchú

Ní bheadh aon rud agamsa i gcoinne gach foras do dhul agus bheith ag déanamh feachtais toghchánaíochta agus roghnú an duine a theacht aníos ó na craobhacha nó ó na baill. Ní bheadh aon rud agam ina choinne sin. Níl aon rud greannta i gcloch.

An leagfaí síos coinníol go mbeadh an duine, pé hé nó pé hí, ina bhall den fhoras?

Ms Ó Murchú

Ní hé sin a bhí i gceist. Olc, maith nó dona, ní rabhas ach ag caint ar an modus operandi chun na vótaí a chaitheamh. Is rud é a chaithfeadh a bheith daonlathach ach a chaithfeadh a bheith inláimhseáilithe ag an am gcéanna.

Tagaim ar ais go dtí an phríomh phointe a bhí agamsa, is é sin go bhfuil an córas atá ann i láthair na huaire go hiomlán faoi smacht na bpáirtithe. Ní dóigh liom, fiú amháin insan rud atá á mholadh againne, go mbeadh ní ba mhó cumhachta - agus vóta díreach, bfhéidir ag na forais ainmniúcháin. Glacaimid leis gurb iad daoine atá ina mball de pháirtithe a thiocfaidh ar aghaidh fós ach amháin go mbeidh an córas níos trédhearcaí agus níos daonlathaí. Nílimid i gcoinne na bpáirtithe in aon chor, ach a mhalairt, ach táimid ar son níos mó cumhachta a thabhairt dosna forais ainmniúcháin - is dóiche, toisc go mbainimid féin leo. Tá sé sin nádúrtha.

Before Senator Ryan asks another question, other members of the delegation may wish to speak.

Ms Ó Murchú

Bhíos ag féachaint orthu ansin.

I know. They are leaving it all to you who is well able for it. I am sure each of them would be too.

Tá ceist agam daoibh. Deir tú i gcónaí, má thagann lucht na Gaelainne le chéile, is cuma cad atá á phlé acu, críochnaíonn siad ag plé na Gaelainne.

Agus an chríochdheighilt.

Ach ní fhéadfainn sibh a ligint saor gan an cheist seo a chur oraibh: an bhfuil aon smaointe agaibh conas a dfhéadfaí an Ghaelainn a láidriú taobh istigh den Tigh seo den Oireachtas? Creidim go labhartar níos mó Gaelainne taobh istigh den Tigh seo - ní hamháin nuair a bhíonn an Ghaelainn á plé ach go rialta - ná sa Tigh eile. An bhfuil aon smaointe agaibh, agus sibh ag smaoineamh faoi ainmniúcháin agus faoi mhionlaigh cosúil le lucht na Gaelainne? Is dóigh liom gur féidir mionlach speisialta a thabhairt ar lucht na Gaelainne.

Mr. Ó Ceithearnaigh

Ní raibh muid ag díriú ar an ábhar ar an mbealach sin. Chonaic mé, nuair a bhí Bille na dTeangacha Oifigiúla 2002 ag dul tríd an Seanad anseo, go raibh an-chuid den phlé - 99% - i nGaelige. B'fhéidir gurbh é sin an chéad uair dá raibh na cluasóga in úsáid ag na daoine nach raibh Gaeilge líofa acu. Den chéad uair, bhraith siad gur rud nádúrtha é a bheith ag éisteacht le duine ag labhairt mar a tharlaíonn gach lá den tseachtain i ngach Dáil Eorpach. Is le taithí agus le húsáid na teanga i measc na ndaoine a bhfuil an teanga acu go mbfhéidir go dtiocfaidh an cleachtadh sin chuig na daoine atá faitíoch. Sin an méid atá ann. Ní hé nach bhfuil Gaeilge acu. Tá Gaeilge ag beagnach chuile dhuine sa Teach seo.

Tá córas aistriúcháin ar fáil.

Mr. Ó Ceithearnaigh

Tá córas aistriúcháin ann, ach sin ceann de na deacrachtaí is mó atá againn: dul i bhfeidhm ar dhaoine leas a bhaint as an chóras aistriúcháin.

That is very interesting. The delegate is correct, we just do not use them. We all have Irish to a certain degree. I actually studied it in first year arts if that can be believed. While I understand and can read the language, I cannot speak it very well. Mr. Ó Ceithearnaigh is correct in what he says.

We have gone beyond our time. It was most refreshing to meet the delegation and I thank its members for attending. In particular, I thank Ms Ó Murchú as she has been on the campaign trail herself and gave great thought to the submission which was made way back in March or April. We passed it on to Mr. Peter Finnegan before the sub-committee came into being. It was very interesting. We will certainly bear in mind the points the delegation has made during our reflections on the final outcome of our work.

The sub-committee adjourned at 5.05 p.m. until10 a.m. on Thursday, 18 September 2003.
Top
Share