Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Mar 1923

Vol. 2 No. 35

CEISTEANNA—QUESTIONS. - CÁS CHRIOSTOIR UI HAODHA.

"A fhiafruidhe den Aire um Chosaint an fios do gur rug lucht an Airm ar fhear darab ainm Criostóir O hAodha, An Sgrín, Co. na Midhe, ar an 16adh d'Eanair, agus go bhfuil sé faoi ghlas in Ath-Thrium ó shoin; agus an féidir leis an Aire a rádh caidé an fáth a rugadh ar an bhfear seo, caidé an choir atá curtha i n-a leith agus cathain a bheidh sé os comhair cúirte.

Sé an freagra céadna atá ar an gceist seo agus ar na ceisteanna eile; tá tuairisc á cur i dtaobh an scéil, ach níl iomláin an eolais fachta fós. Enquiries are being made in the case, but they are not yet completed.

Ná féadfá an freagra a thabhairt as Gaodhluinn?

D'fhéadfainn go maith, ach bhí na ceisteanna eile as Beurla.

Top
Share