Le fiafruighe de'n Aire um Chosaint an bhfeádfadh sé a rá cá bhfuil na gunnaí do bhailigh Arm Shasana roimh, agus le linn an Chogaidh in Éirinn; agus má tá siad i seilbh an airm Náisiunta fé láthair an dtabharfar ar ais do na daoinibh ar leis iad.
CEISTEANNA—QUESTIONS. - NA GUNNAÍ DO BHAILIGH ARM SHASANA.
AINDRIU O LAIMHIN
Ta cuid mhaith de na gunnai i seilbh Rialtais Shasana ag Woolwich. Ta an chuid eile fa chúram an Airm ag Depot an Ordonnas, Droichead an Oileain, Baile Atha Cliath. Ni feider iad a thabhairt ar n-ais fa lathair do na daoini atá in a gchomhnuidhe sa Saorstát gur leo iad.