de'n Aire Airgid an rud é, fá sna rialacháin a bhaineas leis an scrúdú a comórfar ar an 6adh Iúl, 1926, le haghaidh Oifigigh Chléireachais sa Stát-Sheirbhís, gur féidir d'iarrathóir ionad d'fháil sa Stát-Sheirbhís, de bhárr an scrúduithe sin agus gan de cháilíocht aige chuige maidir leis an dTeangain Náisiúnta ach an Cháilíocht a bheadh ag dul do as 30 per cent. d'fháil de sna marcanna a leanann scrúdú innte fé scríbhinn mar ghnáthabhar teangain mar Laidean no Gréigis; agus an rud é go gcoisgeann na téarmaí fostuíochta air go mb'fhéidir ar ball a iarraidh ar aon iarrathóir go n-éireoidh leis sa scrúdú san cur le n-a chuid eolais ar an dTeangain Náisiúnta, más rud é go n-éileoidh an tSeirbhís. no Polasaí Puiblí, é sin a bheith riachtanach.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - OIFIGIGH CHLEIREACHAIS SA STAT-SHEIRBHIS.
D'fhéadfadh sé tuitim amach fé Rialacháin an Scrúduithe i gcóir Oifigeacha Cléireachais go n-eireodh le h-iarrathóir ná fuair ach 30 per cent. sa Ghaedhilg. Ach sé tharluionn, amh, maidir leis na h-iarrathóirí go léir go n-eirionn leo sna comórtaisí seo, go bhfuighid a bhfád nios mó marcanna na san 'sa Ghaedhilg.
Sé a meastar a thárlóidh fé sna socruithe chun lucht fuirinne d'fháil tré chomórtaisí oscailte, 'na mbeidh an Ghaedhilg ina habhar éigeanta i ngach ceann aca, na go dtiocfidh isteach sa tSeirbhís go leór daoine ag a mbeidh eolas inniuil aca ar an nGaedhilg chun na diúitithe ina mbeidh an t-eolas san ag teastáil do dhéanamh. Níl sé mar choinioll i Rialacháin an Scrúduithe go bhféadfaí a chur fhiachaint, tar éis é cheapa, ar iarrathóir gur eirigh leis sa scrúdú a chuid eolais ar an dTeangain Náisiúnta do chur i bhfeabhas más do réir, mar tá luaidhte sa cheist a bheadh an cás.
Os rud é gur féidir le iarrathoirí ionad d'fháil sa Stát-Sheirbhís agus gan acht beagán Gaedhilge acu agus os rud é gur choir doibh eolas maith a bheith acu ar an dteangain, nach cheart riaghal a chur i bhfeidhm go gceartfidh na h-iarrathoirí gur eirigh leo 'san scrúdú san cur le na gcuid eolais ar an dteangain?
Do réir na rialacha mar tá siad fé láthair, ní féidir linn an dualgas san a chur ar na daoine a thainig isteach de bharr an scruduithe sin. B'féidir go mba cheart duinn na rialacha a atharú. Ní rabh fáill agam ó tháinig an cheist seo chugam labhairt le duine ar bith mar gheall ar na rialacha, ach is féidir liom dul isteach san gceist, má tá an Teachta sásta leis sin.