den Aire Airgid cia'n uair a foill-seochar an Clár de Lucht Síntiúisí do Bhannaí Dháil Eireann de réir Acht Iasachtaí agus Cistí Dháil Eireann, 1924; cad chuige nach ndeárnadh an obair roimhe seo agus cia'n uair a bhéas na Cairteacha Coigiltis le fáil aca so a bhéas cláruithe.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - BANNAI DHAIL EIREANN.
Níl aon tsocrú déanta in Acht Iasachtaí agus Cistí Dháil Eireann, 1924, chun ainmneacha Síntiúsairí d'Iasacht (Inmheánach) Dháil Eireann d'fhoillsiú agus toisc ana-chuid síntiúsairí a bheith ann (timpal 150,000) níltar ar aigne na hainmneacha d'fhoillsiú.
Maidir leis an dara cuid den cheist, na síntiúsairí a mbeidh a n-ainmneacha sa Chlár atá á ullamhú do réir forálacha an Achta tabharfar Cairteacha Coigiltis dóibh roimh an dáta ar a mbeidh na cairteacha so iníoctha, eadhon, 1adh Meitheamh, 1927.
An gcuirfidh an tAire fógra san pháipéir á chur in úil do na daoinibh a thug sintuisi do Chiste na Dála gur feidir leo eolas a fhághail i dtaobh na hainmneacha atá ar chlár de lucht sintiuisí?
Cuireadh fógra sa pháipéir cheanna agus tá fógra eile le cur ann.