Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Jun 1928

Vol. 24 No. 7

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ESTAT DO ROINNT.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Iascaigh an bhféadfadh sé a rádh cad é an chúis nár tugadh do Sheumas Miggin, a bhí i n-a aodhaire ar Eastát Gearr Eiscir (Garisker), Mágh Bhealaigh, cuid den eastát san nuair a bhí sé dá roinnt; agus an bhféadfadh sé a rádh cad é an chúis nár tugadh dó an méid tuarastail—£28 6s. 3d.—do bhí ag teacht chuige as obair do dhein sé fé ordú Chigire Choimisiún na Talmhan, obair do bhí ar siúbhal ón 14adh lá de Bhealtaine, 1927, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1927.

Bhéinn buidheach de'n Teachta dá gcuireadh sé an cheist seo ar áth-ló go dtí an tseachtmhain seo chugainn. Tá súil agam go mbéidh an t-eolus agam do um an dtaca san.

Top
Share