Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Nov 1928

Vol. 27 No. 1

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ESTAT DO ROINNT.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh cathain a roinnfar estát Thompson Seymour, Derryeahiney North, i gceanntar Portomna; agus estát Corr (Blakefoster) i gceanntar Portomna, i limistéir Kilmalinogue; agus an bhfuil liosta na ndaoine a gheobhaidh gabhaltais talmhan ar na hestáit sin ar fághail.

De bunuíodh imeachta fé fhorálacha an Achta Talmhan, 1923, le haghaidh tailte Derryhivany North ar eastát Mrs. A. M. Seymour, Contae na Caillimhe, d'fháil agus le haghaidh tailte Corr ar eastát Ionadaithe Blake Foster d'fháil.

Do socruíodh praghas na dtailte seo agus roinnfidh Coimisiún na Talmhan iad chó tapaidh agus is feidir é. Níor socruíodh an scéim i gcóir a roinnte fós.

Top
Share