Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Mar 1929

Vol. 28 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Airgead i gCoir Ath-Thógaint Tighe.

D'fhiafruigh

de'n Aire Tailte agus Iascaigh cé an fáth nach bhfuair Mícheál Mac Giolla Cheallaigh, Cinn Mhara, an fuighleach airgid, £140, a bhí ar fagháil chun ath-thógaint an tighe do chríochnú os rud é go bhfuil deire le leith-bhliain leis an díospóireacht a bhí idir Mícheál Mac Giolla Cheallaigh agus Coimisiún na Talmhan fá nithe áirithe; agus cathoin a tabharfar an t-airgead san do.

Ba mhaith liom da gcuirfeadh an Teachta an cheist seo orm arís an tseachtain seo chughainn. Tá súil agam go mbéidh ar mo chumas freagra do thabhairt air ansan.

Top
Share