Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Jun 1929

Vol. 30 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bannaí Dhail Eireann.

D'fhiafruigh

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Airgid an ndéarfadh sé cad chuige nár aisíosadh bannaí Phádraig Mhic Gabhann, Cill Iochtair, Cill Choca, cé gur cuireadh isteach breis is mí ó shoin deimhniú gur dhíol sé an t-airgead agus go bhfuair sé admháil air.

An t-eolas do fuarathas ó Phádraig Mac Gabhann i n-éinfheacht leis an iarratas do chuir sé isteach ar aisíoc airgid adeir sé a thug sé d'Iasacht Dháil Eireann, ní réidhtigheann an t-eolas sin leis an eolas atá ar pháipéirí mo Roinnese. Táim ag fiosrú an sgéil faoi láthair.

Top
Share