Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Dec 1929

Vol. 32 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Eastát Cluana Chorraigh.

D'fhiafruigh

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Tailte agus Iascaigh an ndéarfadh sé maidir leis an talamh—150 acra—dá ngairmtear Baile Uainín (Ballyconeen) ar eastát Cluana Chorraigh, i gContae Chill Dara, agus atá fé láthair fé fhéaracht ag Seán O Baoilleáin (John Boylan), Dún Bóinne, Condae na Midhe, an bhfuil sé ar aigne ag Coimisiún na Talmhan an talamh soin do roinnt idir na daoine sa chomharsanacht a bhfuil roinnt talmhan ag teastáil uatha agus tuillte acu.

Do cuireadh 255 acra de thalamh nea-thionontaithe ar Estát Chluana Chorraigh ar cios chun Seán Ui Baoilleáin fe cho-aontu fhearach shealadach le n-a raibh deire an 1adh Mí na Nodlag, 1929. Tá sceim chun na dtailte seo do roinnt fe bhreithniú ag Coimisiún na Talmhan fe lathair.

Top
Share