Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Jun 1930

Vol. 35 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Eastát Hornidge do Roinnt.

D'fhiafruigh

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Tailte agus Iascaigh —ag tagáirt do Eastát Hornidge (Captaen) i mbaile Mór na nIústasach—an bhfuil an chuid de atá i mBaile Bealach na gCapall (Horse-passtown) agus ina bhfuil 15 acra, tugtha fós d'aoinne; má tá, cia h-iad; an raibh roinnt talmhan acu cheana, agus ead é an méid.

Táthar tar éis an paiste talmhan ina bhfuil 15 acra i mbaile fearainn Bhaile Bhealach na gCapall ar Estát Hornidge do thabhairt do Liam O hEaluithe mar bhreis ar an ngabháltas a bhí aige cheana i mBaile Mór na nIústasach Thoir agus ina bhfuil 17a. 3r. 39p.

Top
Share