Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Nov 1930

Vol. 36 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ghaedhilg in Obair an Rialtais.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid an bhfuiltear ag gríosadh na Seirbhíseach Stáit chun obair idir na Rannaibh—leitreacha, srl.,—a dhéanamh tré Ghaedhilg, agus an bhfuil aon bhunadhas leis na ráflaí adeir go bhfuil sean-oifigigh ann atá ag iarraidh cosc a chur le fás na Gaedhilge in obair an Rialtais.

Mar tá an freagra an-fhada cuirfear 'sa tuarasgabhail é.

Maidir leis an gcead chuid den cheist, tugadh orduithe i dtaobh feidhm do bhaint as an nGaedhilg i ngnó oifigiúil, mar leanas:—

(1) Badh cheart freagra i nGaedhilg do thabhairt ar ghach litir i nGaedhilg a gheibhtear, ó dhuine den phobal, i n-Oifigí an Rialtais. Ar an gcuma gcéadna, má's i nGaedhilg a tugtar sloinne nó seóla an té a scríobhann litir, badh cheart an sloinne nó an seóla a bheith i nGaedhilg sa bhfreagra chomh maith.

(2) Aon fhógra a bhaineann le post a bhfuil eolas maith ar an nGaedhilg riachtanach dó, badh cheart é 'fhoillsiú i nGaedhilg amháin.

(3) Badh cheart fuirmeacha chun litreacha d'admháil a bheith i nGaedhilg amhain. Fuirmeacha eile a tugtar amach ó Rannaibh Stáit, a bhfuil taithighe ag an bpobal ortha (mar shompla, admhála ar airgead), badh cheart iad san, leis, a bheith i nGaedhilg amhain, chomh fada agus is féidir san.

(4) Oifigigh san nGaeltacht, nuair a bhíonn éinní i dtaobh gnótha oifigiúla le rádh aca, pé aca i gcainnt nó i litir é, le duine den phobal a bhfuil Gaedhilg aige, badh cheart dóibh an Ghaedhilg do tharrac chúcha.

(5) Oifigigh atá ar tréimhse thástala i n-aon Roinn, badh cheart go dtabharfaí gach caoi dár féidir dóibh ar an nGaedhilg do labhairt i gcúrsaí oifigiúla. Chuige seo, í n-aon Bhrainnse nó Rannóg 'na bhfuil oifigeach ar a thástáil agus 'na bhfuil Gaedhilgeoirí ar a chomhoifigigh no ar na h-oifigigh atá ós a chionn, badh cheart go labharfaidís sin Gaedhilg chomh fada agus is féidir é, nuair a bhíd ag tabhairt órduithe béil dó nó ag cur síos ar chúrsaí oifigiúla leis.

Tá sé mar dhualgas ar ghach oifigeach, pé aca atá Gaedhilg aige féin nó ná fuil, cabhrú sa mhéid atá dá dhéanamh chun na Gaedhilge do leathnú sa Stát-Sheirbhís, agus tá cursíos fé leith ar an dualgas san i gCearclán don Seirbhís ar fad. Maidir leis an dream a tháinig isteach sa tSeirbhís tré chomórtasaí a raibh an Ghaedhilg riachtanach dóibh, tá sé curtha 'na luighe ar lucht na Stát-Sheirbhise, sa Chearclán chéadna, nách leór don dream san an méid Gaedhilge a bhí aca cheana do chimeád, ach gur ceart dóibh iarracht a dhéanamh ar feabhas do chur ar a gcuid Gaedhilge; agus nách mór dóibh a thuisgint a thábhachtaighe atá eolas maith ar an nGaedhilg sa mhéid go mbaineann sé le n-a ndul-chun-cinn sa tSeirbhís.

Maidir leis an dara cuid den cheist, níor chuala aon ráfla de'n tsórt go ndeinneann an Teachta tagairt do.

Top
Share