den Aire Tailte agus lascaigh cén fáth ar dhiúltaigh feadhmannach na Roinne in Arainn aon obair a thabhairt i mbliana do na daoine nár dhíol an cheilp faoi scéim an Rialtais anuraidh; agus an raibh ughdarás na Roinne ag feadhmannach eile nuair a chuir sé faoi ndeara don dream gur tugadh obair dóibh a n-ainm a chur le páipeur ghá gheallamhaint nach dtiubharfaidís a gcuid ceilpe d'aon dream acht do choiste an Rialtais; agus más rud é gur nidh oifigiúil an gheallamhaint sin céard ba bhun léi.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Obair Do Cheilpeadóirí.
Cuid de'n sciém le haghaidh feabhas do chur ar dhéanamh ceilpe ag baill de Chomhar na Ceilpe atá fé chúram na Roinne seo dob'eadh na h-oibreacha in Arainn d'á dtagartar, agus bhí sé beartuithe i dtosach gur do sna daoine a tháinig isteach sa chóghléasa san, agus a bhí sásta comhairle na Roinne do ghlaca maidir le cúrsaí ceilpe, a cuirfí na h-oibreacha so ar siúl. Ní raibh éinní, ámh, i gcoinnibh daoine eile a dhineadh ceilp, nó a bhí ar aigne ceilp do dhéanamh, teacht isteach sa Chomhar ar choingheall go ndíolfaidís a gcuid ceilpe fé scáth an chóghléasa.
Ach de bharr cúntais a fuaradh ó shagairt na nOileán ar an ndealbhas a bhí san áit do dineadh, í gcionn cúpla lá tar éis tosnuithe, an obair do roinnt ar gach líon-tighe a bhí i ngátár, mar fhaoiseamh ar an ndealbhas coitcheannta.