Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 May 1932

Vol. 41 No. 17

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bun-scoileanna sa nGalltacht.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais cé méid bun-scol lasmuich den Ghaeltacht ina múintear na hadhbhair go léir (ach amháin an Béarla) tríd an Ghaedhilg; cé mhéid leanbh a bhíonn ag dul chúcha; agus an bhfuil slí ionta dos na leanbhaí go léir gur main le n-a dtuismightheóirí iad do chur chun na scol nGaedhealach san.

Níl ar mo chumas fé láthair liosta a thabhairt de na scoileanna náisiúnta lasmuigh den Ghaeltacht, 'na bhfuil na hadhbhair léighinn, taobh amuigh den Bhéarla, dá dteagasc tríd an nGaedhilg. Más mian leis an dTeachta tabharfaidh mé a leithéid de liosta dhó tar éis tamaill.

Ag so ámhthach an t-eolas atá dá éileamh sa cheist fé na scoileanna speisialta a bunuigheadh i mBaile Atha Cliath le roinnt bhlianta chun teagasc a thabhairt tríd an nGaedhilg ins na hadhbhair léighinn, taobh amuigh den Bhéarla.

Scoil.

Meadhon-Uimhir don bhliain, 1931.

Scoil Bhrighde

251

Scoil Mhuire

174

Scoil Cholmchille

106

Scoil Ullmhúcháin

113

(Sráid Mhaoilbhrighde)

Tá go leor slighe fé láthair do na leanbhaí atá ag tinnreamh ar Scoil Mhuire agus Scoil Cholmchille, ach is ar éigin a bhéas an scéal amhlaidh i Scoil Mhuire ag deire na scoil-bhliana so nuair a bhéas roinnt mhaith leanbhaí dá n-aistriú go dtí an scoil sin ón Scoil Ullmhúcháin.

Maidir le Scoil Bhrighde, ámhthach, agus an Scoil Ullmhúcháin i Sráid Mhaoilbhrighde, tá liosta dá choimeád san dá scoil de leanbhaí atá ag lorg áiteanna ionnta ach nách féidir a leigint isteach toisc go bhfuil na Scoileanna sin lán cheana.

An bhfeidir níos mó scoileanna den saghas sin do chur ar bun ós rud ná fuil a ndothan slí dos na leanbhaí sna scoileanna atá ann cheanna?

Táim ag feachaint isteach san gceist agus deanfaidh mé mo dhicheal cun í a reiteach.

Bhfuil a fhios ag an Aire go rabhthas ghá ghearáin gur leogadh isteach i Scoil Mhuire páistí gan oiread Gaoluinn aca agus a chuirfadh ar a gcumas obair na sgoile do dheanamh sa cheart, agus an bhfuil ceapaidhthe aige na páistí ón Scoil Ullmhucháin do chur fé sgrúdú sar a leogtar isteach in sna scoileanna Gaedlacha iad fheachaint an bhfuil siad oireannach dos na sgoileanna san.

Níl aon eolas agam ar an sceal sin fa láthair acht tabharfaidh mé aire dí nuair a bheidh an ceist sin romham.

Ba mhaith liom dá dtabharfadh an t-Aire an liosta sin dom do léigh sé amach.

Tabharfaidh mé.

Top
Share