Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 7 Jun 1932

Vol. 42 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Choiste na Leabhar.

D'fhíafraigh

Gearóid Mac Phartholáin

den Aire Oideachais (a) céard iad na cáilidheachtaí liteardha atá ag gach ball de Choiste na Leabhar; (b) an bhfuil eolas maith ar an nGaedhilg ag gach ball den Choiste; agus (c) an féidir a rá cé an riaghail le n-a meastar láimhsgribhinní ionnus go nglactar le cuid acu agus nach nglactar le n-a thuilleadh.

(a) Seo iad na daoine atá ar Choiste na Leabhar:—

An Dr. Dubhglas de Híde,

An Dr. Tomás O Máille,

An Dr. Tadhg O Donnchadha,

Colm O Murchadha,

Piaras Béaslaí,

Seoirse Mac Niocaill, M.A.,

Lúise Chabánach Ní Dhubhthaigh,

M.A.,

Risteárd O Foghludha,

An tAthair L. Mac Cionnaith,

C(umann) I (osa), M.A.,

Enrí O Muirgheasa,

Proinnsias O Tighearnaigh, M.A.,

An tAthair Mícheál O Murchadha,

Seán Mac Giollarnáth, B(reitheamh)

D(úithche).

An tOllamh Domhnall O Corcora,

An Seabhac,

Cionnaith Ua Roidean, B(reitheamh

D(úithche).

Domhnall Mac Grianna,

Mícheál Breathnach, M.A.

Níl a fhios agam céard a tuigtear le "cáilidheachtaí liteardha" agus dá bhrí sin ní thig liom freagra thabhairt ar an gcuid sin den cheist.

(b) Tá eolas maith ar an nGaedhilg ag gach ball den Choiste.

(c) (i) Maidir le habhar bun-leabhar léigheann beirt ar a laighead de bhaill an Choiste na láimhscríbhinní a cuirtear faoi n-a mbrághaid. Mara mbíonn an bheirt ar aon inntinn faoi'n láimhscríbhinn cuireann an Roinn faoi bhrághaíd an treas—agus amannta an cheathrú-duine í. Breathnuigheann an Coiste ar thuairiseí na ndaoine a léigheas an láimhscríbhinn sul a molann siad céard ba cheart a dhéanamh léi.

(ii) Maidir le haistriúcháin is iad Eagarthóirí na Roinne amháin a léigheas iad. Ní glactar le haistriúchán ar bith ach an ceann:—

(1) a bhíos go cruinn beacht mar aistriú;

(2) go mbíonn Gaedhilg ghlan chruinn sho-léighte ann, agus

(3) go mbíonn stíl an bhun-leabhair ann nó, maran féidir sin, stíl eile a bheadh gaolmhar-dhó.

Top
Share