Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Jun 1932

Vol. 42 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bun-scoileanna sa bhFior-Ghaeltacht.

D' fhiafrai

den Aire Oideachais cé mhéid bun-scol sa bhFior Ghaeltacht go seachtó mar mheáin-líon freastail agus gan ach beirt mhúinteoirí ionta.

Airimhtear mar Fhíor-Ghaeltacht fá rialacha an Roinn Oideachais na ceanntracha na bhfuil an Ghaedhilg mar ghnáth-theangain ag furmhór na ndaoine agus ina labhrann na páistí, ar dhul ar scoil dóibh i dtosach, Gaedhilg amháin, no ina labhrann siad an Ghaedhilg níos fearr ná an Béarla.

Ins na ceanntracha sin, tá cúig bunscoileanna déag go raibh seachtmhó no os a chionn de mheánuimhir aca le haghaidh na bliana darab críoch 31adh Márta, 1932, agus beirt mhúinteóirí i ngach scoil díobh.

Tá sé leagaithe amach ins na Bialacháin nách foláir de ghnáth, 95 de mbeán-uimhir a bheith i mbun-scoil ar feadh tréimhsí áirithe chun go gceapfái an tríomhadh oide sa scoil.

O thárla gur as an bhfíor-Ghaeltacht atá súil na múinteoirí óga d'fháil feasta, má tá an acu. Mar sin, Ghaedhilg le cur ar aghaidh mar is cóir, agus ó thárla nách dtéigheann an chuid is mo de na páistí go dtí aon scoil eile, an mbeadh an tAire sásta congantóir eile a cheapadh in sna scoltacha seo ó thárla nach bhfuil ann ach cúig cinn déag ní theastuigheann ach cúig duine déag.

Ceist airgid iseadh í seo agus ní dóich liom gur féidir riaghail áirithe do cheapadh le haghaidh na scoileanna seo. Ar dhóigh ar bith, rachaidh mé isteach san gceist arís agus b'fhéidir go gcuirfeadh an Teachta ceist ar an bpáipéar arís no labharfaidh mé leis fá'n gceist, má's maith leis.

Top
Share