Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Jun 1932

Vol. 42 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaedhilg sna Bun-Sgoileanna.

D'fhiafrai

Pádraig Ó hOgáin

(An Clár) den Aire Oideachais an bhféadfadh sé innsint an mó bunsgoil atá ann 'na múintear gach abhar léighinn tríd an nGaedhilg (a) sa Ghaeltacht, (b) sa Bhreac-Ghaeltacht, agus (c) sa Ghalltacht.

I dTuarasgabhail Choimisiuin na Gaeltachta do roinneadh na ceanntracha 'na raibh an Ghaedhilg a labhairt idir "Gaeltacht" agus "Breac-Ghaeltacht."

Do rinne an Roinn Oideachais claru da reir ar na scoileanna ins na ceanntracha sin agus, fos, do rinneadh ath-roinnt ar na scoileanna san "nGaeltacht" mar atá:

(1) Scoileanna san bhFior-Ghaeltacht .i. scoileanna i gceanntracha'na bhfuil an Ghaedhilg mar gnaththeangain ag furmhor na ndaoine agus 'na labhrann na paisti, ar dhul ar scoil doibh i dtosach, Gaedhilg amhain no 'na labhrann siad an Ghaedhilg níos fearr na an Bearla; agus

(2) Scoileanna san nGaeltacht taobh amuigh de'n bhFior-Ghaeltacht.

Tá 143 scoileanna claruithe mar scoileanna san bhFior-Ghaeltacht i mbliana, agus ins na scoileanna sin tá na h-abhair leighinn go leir, taobh amuigh de'n Bhearla, da muineadh trid an nGaedhilg.

Do reir na gcunntaisi a frith i n-Oifig an Oideachais do'n scoilbhliain darab crioch 30 Meitheamh, 1931, (na cunntaisi is deanai atá ar faghail fos) do bhí 32 scoileanna ins an Ghaeltacht (taobh amuigh de'n bhFior-Ghaeltacht), 8 scoileanna san mBreac-Ghaeltacht agus 45 scoileanna san nGalltacht 'na raibh na h-abhair go leir, taobh amuigh de'n Bhearla, da muineadh trid an nGaedhilg.

D' fhiafrai Pádraig O hOgáin (an Clar) den Aire Oideachais an bhféadfadh sé innsint cad é an clar atá leagaithe amach i gcóir na Gaedhilge mar abhar léighinn ins gach rang ins na bunsgoileanna 'na múintear gach ní ach Béarla tríd an nGaedhilg.

Se an clar ata leagaithe amach i gcoir na Gaedhilge mar abhar leighinn ins gach rang ins na bun-scoileanna 'na muintear gach ni ach Bearla trid an nGaedhilg ná an tArd-chursa do reir mar ata curtha sios ins an gClar Oifigiúil i gcoir na Scol Naisiúnta, feach deire leathanach 28.

Top
Share