Tairigim:—
Go ndeontar suim bhreise ná raghaidh thar £520 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1933, chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eolaíochta agus Ealadhan i mBaile Atha Cliath, maraon le hlldeontaisí i gCabhair, etc.
That a supplementary sum not exceeding £520 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1933, for the Salaries and Expenses of the Institutions of Science and Art in Dublin, including Sundry Grants-in-Aid, etc.
Toisc nach bhfuil sreath de Staireanna Contae ar fáil, ina mbeadh cur síos ar stair agus ar thír-eolas na comharsanachta i ngach contac faoi leith sa tír, tá cosc á chur le obair Roinn an Oideachais ins na Bun-Scoileanna agus ins na Meán-Scoileanna. Tá an chuid is mó de na leabhra móra a scríobhadh faoi stair na gContae le leith-chéad bliain anuas as cló anois agus ní féidir ach le scoláirí oilte staire teacht ortha i leabharlanna na gCathracha Móra.
Gan bacadh chor ar bith leis an tábhacht atá le Stair na gContae mar adhbhar léighinn is baoghlach nach féidir caingean na Roinne maidir leis an Oideachas do Ghaedhealú do chur 'un cinn ná do leathnú mura mbídh níos mó á dhéanamh le stair agus tíreolas na comharsanachta do theagasc ins na scoileanna.
Dá bhrigh sin tá mé tar éis breathnú isteach sa gceist seo i dtaobh an ghádha atá le sreath de Staireanna Contae d'ullamhú agus tá ceaptha agam anois tosaighe ar an sreath leabhar sin do chur le chéile.
Cuirfear Eagarthóir feiliúnach i mbun na hoibre seo agus post lán-ama bhéas ann. Gheobha sé tuarastail £400 (ar fad) ar a laighead sa mbliain.
Caithfear congabtóir oilte agus luath-scríobhaidhe a bhéas ina chló-scríobhaidhe do thabhairt don Eagarthóir.
Tá socrú á dhéanamh le go dtosóchar ar an obair láithreach agus 'séard tá so meastachán seo de £520 (cúig chéad agus fiche punt) an méid is dócha a h-íocfar mar thuarastal leis an Eagarthóir agus le n-a fhuirinn sa mbliain airgeadais atá anois ann.
Tá socrú faoi leith á dhéanamh le oifig agus troscán oifige agus eile a sholáthar do na daoine a bhéas i mbun na h-oibre seo.
Tá ceaptha na leabhra fhoillsiú trí Oifig an tSoláthair agus 2/6 (leathchoróin) nó 3/- (trí scilleacha) an luach a bhéas ortha. Foillseochar ó 2,000 (dhá mhíle) go 5,000 (cúig mhíle) cóip do gach contae do réir méidhe agus tábhacht an Chontae ó thaobh staire.