Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Mar 1933

Vol. 46 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Faoi Acht na dTithe.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh an feasach dó nach bhfuil ach 105 cásanna críochnuithe as 2731 iarratas faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) i nDún na nGall, agus an bhuil fhios aige gurb é fáth an fhaillighe seo nach bhfuil na hiarratasóirí ag fáil an déóntais ón Roinn agus mar nach bhfuil airgead aca do lucht céirde, agus go bhfuil obair na dtithe 'na lán-stad dá dheasgaibh sin.

Níl tógáil agus feabhsú tithe cómhnaithe agus cróite 'na lán-stad i gConntae Dhún na nGall. Tá íocuíochta dhá ndéanamh do réir mar théigheann an obair chun chinn. Iochtar tráth-chodcha den deóntas agus den iasacht gan mhoill nuair a bhíonn an oiread den obair déanta ag na sealbhairí agus a thuilleann an íocuíochta sin. Níl sé ar mo chumas iachall do chur ar na sealbhairí seo brostú leis an obair.

Top
Share