Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 9 Mar 1933

Vol. 46 No. 5

Public Business. - Vote 49—Science and Art.

Tairigim: Go ndeontar suim bhreise ná raghaidh thar £10 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1933, chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eolaíochta agus Ealadhan agus Ildeontaisí i gCabhair, etc.

That a supplementary sum not exceeding £10 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1933, for the Salaries and Expenses of the Institutions of Science and Art and sundry Grants-in-Aid, etc.

Fo-mhírcheann B.1.—Chun dréachta ceóil a mbéidh Gaedhilg leó a fhoillsiughadh, táthar ag brath £100 a chur i n-úsáid roimh an 31adh lá de Mhí an Mhárta, 1933, agus táthar ag brath £1,000 a chaitheamh ar an obair chéadna, ins an bhliadhain ar deireadh dí an 31adh lá de Mhí an Mhárta, 1934. Bhéarfar cuid de'n airgead seo i n-a dhíolaidheachta do lucht scríobhtha na ndréacht, agus caithfear an chuid eile de, de réir mar bhéas riachtanach, i n-a íocaidheachta ar chostas páipéir, clódórachta, agus ceangail.

Ins an bhliadhain atá i láthair ann, níltear ag brath airgead a chaitheamh le dréachta ar bith ach amháin le rudaí atá curtha isteach ag an Ollamh Carl Hardebeck. Meastar ná raghaidh an caitheachas i mbliain iomláin thar £1,000, sé sin, £400 mar íocaíocht le ceapadóirí agus £600 ar chlóbhualadh agus ar chostaisí eile bhainfidh le foillsiú.

Fo-mhírcheann B.5.—I mbliadhain a 1926, chinn Roinn an Oideachais go ndéanfaidhe bailiughadh ar shomplaí de'n Ghaedhilg mar labhairtear í ins na ceanntair ar fhan sé beó ariamh ionnta. Cinneadh go dtógfaidhe na somplaí seo ar phónograf ins an chaoi a mbéadh taisce bhuan ar fagháil de Ghaedhilg na gcainnteóir dúthchais; agus cinneadh fosta go dtabharfaidhe aire ar leith do na ceanntair i n-a bhfuil an Ghaedhilg i gcontabhairt a caillte. Cuireadh trí deóntais airgid ar fagháil mar chongnamh do'n obair seo sa Vóta i gcóir Eolaidheachta agus Ealadhan, eadhon, £500 do gach Cúige de na trí Cúigí—Mumha, Connachta, agus Ulaidh. I gCúige Mumhan, rinneadh deireadh na h-oibre i mbliadhain a 1928. Naoi somplaí caogad a tógadh; agus chosain an obair go léir £466 3s. 10d. I mbliadhain a 1930 a tógadh na somplaí i gCúige Chonnacht, agus i gConndae an Cláir mar aon leis. Seacht somplaí seachtmhoghad a tógadh; agus, leis an chuid seo de'n obair, caitheadh £520 19s. 5d. Tógadh ochtmhogha sompla i gCúige Uladh, i mbliadhain a 1931, agus chosain sin £591 18s. 5d.

£1,500 a deónuigheadh do'n obair go léir, agus chosain an obair £1,580. Tá an £80 sin de bhreis costais dhá áireamh ins an Mheastachán Breise seo. Na somplaí a fuarthas i gCúige Uladh, ba i Meadhon Foghmhair agus i nDeireadh Foghmhair de bhliadhain a 1931 a tógadh iad, ach rinneadh na chéad ullmhúcháin uilig le n-a aghaidh sin i Mí Iúil roimh ré.

An laghadughadh a tháinig go tobann ar luach an phunnta i Meadhon Foghmhair, mhéaduigh sé an dá chostas a ba mhó dá rabh ag baint leis an obair, eadhon, costas taistil an éolaidhe as an Ghearmáin a bhí i mbun ghléas tógtha na sompla, agus costas na múnla ar tógadh ortha iad.

Rinneadh an obair i módh a bhí chó beag-chostasach sin gur leór an t-airgead a deónuigheadh i dtús ama, munab é an laghadughadh mór tobann a tháinig ar luach an phunnta.

Fo-mhírcheann B.6.—Is mian leis an Ollamh Marstrander, fear atá i n-a Ollamh i n-Iolscoil Oslo, is mian leis somplaí de Ghaedhilg Oileáin Mhanain thógáil ó cibé beagán beag cainnteóir dúthchais atá fagtha ins an oileán sin, agus chuir muinntear na h-Iorbhuaidhe suim áirithe airgid ar fagháil dó le h-aghaidh na h-oibre. Ach ní leór an t-airgead sin le gléas a thabhairt do'n Ollamh Marstrander an obair a dhéanamh i gceart. Mar sin de, chuir sé an scéal i láthair mhuinntear Acadamh Ríoghdha na hÉireann, agus tá siad-san ag iarraidh ar an Riaghaltas suim bheag airgid a chur ar fagháil mar chongnamh ins an obair seo ag an Ollamh Marstrander. Scoláirí a bhéadh i gcionn staidéir nó teagaisc a bhaineas le h-eólas ar chanamhna Ghaedhilg na h-aimsire seo, tá an Riaghaltas cinnte gur mhór a rachadh sé ar sochar dóbhtha an obair seo bheith déanta ag fear léighinn a bhfuil an chéim agus an chliú aige atá ag an Ollamh Marstrander; agus, ar an adhbhar sin, is é barramhail an Riaghaltais gur cheart an congnamh a thabhairt dó atá de dhíth air le n-a bheartughadh a chur i gcrích. Mar sin de, táthar ag brath £100 de dheóntas a chur ar fagháil d'acadamh Ríoghdha na hÉireann le h-aghaidh na h-oibre seo is mian leis an Ollamh Marstrander a dhéanamh i n-Oileán Mhanainn. Bhéarfaidh sé macasamhla de na somplaí a thógfaidh sé d'Acadamh Ríoghdha na hÉireann; agus tá sé tuighthe ag cách dá mbaineann leis an chúis gur leis an Stát na macasamhla sin.

Vote agreed to.
The Dáil went out of Committee. Progress reported. Committee to sit again Tuesday, 14 March.
The Dáil rose at 10.30 p.m. and adjourned to Tuesday, 14th March, 1933.
Top
Share