den Aire Oideachais an bhfuil fhios aige go bhfuil scoltacha san Fhíor-Ghaeltacht nách bhfuil sásta gur leor na buntáisdí atá le fagháil ón Roinn Oideachais i dtaoibh páisdí ag dul go dtí na Coláisdí Ullmhúcháin agus cia'n uair atá súil aige cás na scoltach seo ath-scrúdú d'fhonn na mbuntáisdí d'fheabhsú.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aiteanna sna Coláisdí Ullmhúcháin.
Tá buntáistí mar leanas ar fagháil fá rialacha an Roinn Oideachais ag páistí ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht gur mhian leo cur isteach ar áiteanna ins na Coláistí Ullmhúcháin:—
(1) 16½ bliana an aois is aoirde do pháistí na Fíor-Ghaedhealtachta agus 15½ bliana do dhaoine eile.
(2) Tá leath de na h-áiteanna ins na Coláistí Ullmhucháin curtha i n-áirithe d'iarrathóirí a ghnothuigheas 85% nó níos mó, i labhairt na Gaedhilge (daoine a bhfuil rith cainnte Gaedhilge aca) agus is mór an congnamh sin do lucht na Gaeltachta i geoitchinne. Coiméadtar a leath de'n leath sin (an ceathrú cuid des na h-áiteanna go léir) le roinnt ar iarrathóirí ó'n bhFíor-Ghaelteacht.
(3) Iarrathóirí a buadhann áit i gColáiste, gheibheann siad deóntaisí airgid chun éadaigh agus rl., do sholáthar, má's gádh é; £30 ar a mhéid an chéad bhliain agus £20 ar a mhéid gach bliain i ndiaidh sin an deóntas.
(4) Duais £5 do gach iarrathóir ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht go bhfeictear do'n Roinn, as a shaothar Scrúdúcháin, go bhfuil éirim aigne aige, ach nár éirigh leis áit d'fhágháil i gColáiste Ullmhúcháin.
(5) £1 mar chabhair costaisí d'aon iarrathóir a chomhnuigheann níos mó ná cúig míle ó'n ionad scrúdúcháin, agus a gheibheann pas i nGaedhilg agus i n-aon adhbhar amháin eile.
(6) Is féidir roimh-chúrsa i meánscoil a thabhairt do roinn áirithe iarrathóirí ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht nár bhuaidh áit i gColáiste Ullmhúcháin ach go bhfeictear do'n Roinn éirim aigne a bheith aea.
(7) Tá deolcairí ar fághail ag oidí de bhárr scoláirí a bhuaidh áiteanna ins na Coláistí.
Tá líon mór de na h-iarrathóirí ag teacht ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht fa láthair, tá ag éirghe le cuid mhaith aca áiteanna a bhaint amach ins na Coláistí Ullmhucháin agus is deallramhthach gur mór an cabhair dóibh na rialacha speisialta a bhaineas leis an bhFíor-Ghaedhealtacht. Tá an cheist agus ceisteanna eile fá'n nGaedhealtacht dá mbreithniú agam fá láthair féachaint an ceart aon athrú a dhéanamh.
An bhfeidir leis an Aine a rá an méid scoláire a thiocfhas as na coláisti seo i naghaidh na bliana?
Níl an teolas san again fá láthair ach ma chuireann an Teachta ceist ar an bpáipeir tabharfaidh mé freagra dó.