Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 9 Mar 1933

Vol. 46 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Obair Tighe do Mhúineadh.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an feasach do go mbeadh éileamh mór ar chailiní as an Ghacltacht go tighte sna cathracha sa tír seo dá mbeadh eólas agus cleachtughadh aca ar chócaireacht agus freastal tighe; agus an bhfuil súil aige scoil a chur ar bun le obair tighe agus freastala do mhúineadh dhóibh agus réidhteach a dhéanamh áiteacha oireamhnacha d'fhagháil dóibh i ndiaidh a gcúrsa.

Ní fios dam ciaca bheidhfí, nó nach mbeidhfí, ag iarraidh mórán cailín as an nGaedhealtacht le h-aghaidh an chinéal seo oibre. Ach táthar ag brath gan glacadh le cailíní ar bith feasta mar dhaltaí de'n Scoil Tíoghbhais i gCill Áirne acht amháin le cailíní fóirstineacha as an nGhaedhealtacht, sé sin, má chuireann an oiread de'n chinéal sin cailíní agus a líonfas na folúntaisí sa scoil iarrataisí isteach chuige sin. Má's féidir a dhéanamh tá an Roinn Oideachais ag brath scoil eile de'n chinéal sin a chur ar bun le tréineáil a thabhairt do chailíní as an nGaedhealtacht i ngnaithe Cócaireachta agus i n-Obair Tighe.

Maidir leis an chuid dheireannach de'n cheist, ní thig liom a gheallamhaint go nglacfadh an Roinn as láimh obair d'fhagháil do na cailíní seo. Daoine a bhíos ag iarraidh a macasamhail san am i láthair, is gnáthach leo i iarratais a chur chuig Árd-Mhaigheastrás na Scoile agus sé baramhail na Roinne gur fearr leanamhaint de'n ghnás sin.

Top
Share