Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Apr 1933

Vol. 47 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Drámaidheacht 'sa Ghaedhilg.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil fhios aige go gcuireann muinntir na Gaedhealtachta suim mhór 'sa drámaidheact; gur i mBéarla a léirightear an chuid is mó de na drámaí a thig go dtí'n Ghaedhealtacht i dTir Chonaill agus go bhfuil an nós úd ag déanamh dochair mhóir do'n teangaidh náisiúnta; agus, ó's rud é go bhfuil an Roinn ag caitheamh airgid in áiteacha eile leis an drámaidheacht a chur 'un tosaigh, an mbeadh an tAire toilteanach deontas airgid a thabhairt do Choisde Feis. Thirchonaill chun cuideadh a thabhairt daobhtha ins an obair atá eadar lámhaibh aca fá dhrámaidheacht 'sa Ghaedhilg, ins an bhliadhain seo chughainn (1934).

Nior bfhios dom go raibh cúrsai drámaidheachta sa Gaedhealtacht mar mhaidheann an teachta sa cheist seo. Agus, má's fíor an rud adeir an Teachta Fá Ghaedhealtacht Tir Chonaill, b'fheidir go bhfuil Coiste Feis Tír Chonaill iad féin ar cheann de na siochracha atá leis—mar do réir mar thuigim, ba gnáthach leó duaiseanna a thabhairt le h-aghaidh drmámaí i mBéarla (comh maith le drámaí i nGaedhilg) ag an Fheis Chinn Bliadhna, a bíos aca.

Maidir leis an airgead atá leagtha amach ag an Rialtas san am i láthair le Drámaidheacht Gaedhilge a chur chun cinn, tá an t-iomlán de ag teastáil ó'n Chomhar Drámaidheachta i mBaile Atha Cliath agus ó Taibhdheare na Gaillimhe chun a chur ar a gcumas an obair atá idir lámhaibh aca a dhéanamh, agus tá an t-airgead uilig geallta do'n dá dream sin cheana féin. Ní thig liom a Gheallamhaint fá láthair go gcuirfear deóntais ar bith ar fagháil, an bhliadhain seo chugainn, le h-agaidh an chineáil oibre atá luaidhte ag an Teachta.

Top
Share