den Aire Talmhaíochta cia mhéid cigire prátaí atá ag obair faoi 'n Roinn i gConndae Dhún na nGall; cia mhéid aca tá ag obair san Fhíor-Ghaeltacht agus cad iad a n-ainmneacha agus a sloinnte; an bhfuil an Ghaedhilic ag na cigirí atá san Ghaeltacht agus an bhfuil siad i n-innibh a gcuid oibre a dhéanamh fríd an Ghaedilic.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cigiri Pratai sa nGaeltacht.
D'fhiafruigh
To móir-seisear cigire prataí ag obair i gConndae Dhún na nGall. Tá seisear diobh-san ag déanamh oibre a bhaineann leis an Acht Tora Talmhaíochta (Prátaí) 1931. An obair a dheineann an cigire eile is leis an Acht na bhFeathaid na bPiast Loitbheartacha, 1929, a bhaineann sí, agus isé an t-aon duine amháin a bhionn ag obair san nGaedhealtacht. Níl aon ghaedhealg ag an gcigire seo ach tamall ó shoin do chinneadh é do aistriúgadh agus caimteóir ó dúthchais do chur in a áit. Seán O Cradóig is ainm dó'n fear seo. Déanfar an t-aistriúghadh ar an 9adh lá de'n mhí seo.