Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jun 1933

Vol. 48 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoltacha Tioghbhais Tighe.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais (1) caidé'n méid Scoltacha Tioghbhais Tighe atá san tSaorstát fá láthair agus cá bhfuil siad; (2) an bhfuil caoi ar bith speisialta le háiteacha ar leith a choinneáil do Ghaedhilgeoirí as an Ghaedhealtacht sna scoltacha sin; agus (3) caidé'n gléas atá i bhfeidhm le n-a fhághail amach cia hiad na daoine a leighfear isteach ionta.

Is iad seo leanas na Scoltacha Tioghbhais Tighe atá ins an tSaorstát fá láthair:—

(a) Dhá Scoil Oileamhna do Mhúinteoirí Tioghbhais Tighe, eadhon,

(i) An Scoil Oileamhna Tioghbhais Tighe i gCill Mochuda; agus

(ii) Scoil Chairtfona le haghaidh oileamhna i dTioghbhais Tighe, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Atha Cliath.

(b) Deich gcinn de Scoltacha Comhnuidhtheacha le h-aghaidh Tioghbhais Tighe. Tá siad-san suidhte ins na bailte seo leanas:—

Béal-Átha-an-Ríogh; An Charraig Dhubh; Carraig-na-Siuire; Dún Droma; Dún Maonmhuighe; Cois Bearbha; Sráid-an-Mhuilinn; Móta Ghráinne Óige; Sráidbhaile Laoighise; agus Portláirge.

(c) An Scoil Tioghbhais Tighe i gCill Áirne.

II.

(a) Níl áiteacha ar bith speisialta á gcoinneáil ar leith do Ghaedhilgeoirí as an Ghaedhealtacht fá láthair ins an dá Scoil Oileamhna i dTioghbhais Tighe. Acht tá an Ghaedhilg riachtanach ins an scrúdú a cuirtear ar iarrthóirí sul a leigtear isteach ins na scoltacha sin iad; agus, le n-a chois sin, táthar ag coinneáil trian na n-áiteach i Scoil Chill Mochuda ar leith do chailíní atá ábalta an Ghaedhilg a labhairt go líomhtha beacht. Fairis sin, tá sé beartuighthe ag an Roinn leath na n-áiteach, ar a laighead, i Scoil Chill Mochuda a choinneáil ar leith do chailíní as an Ghaedhealtacht comh luath agus bhéas iarrathóirí fileamhnacha le fághail as an Ghaedhealtacht de bhárr scéim scoláireachtaí na meánscoltach le h-aghaidh na Gaedhealtachta.

(b) Níl áiteacha speisialta ar bith á gcoinneáil ar leith do Ghaedhilgeoirí as an Ghaedhealtacht ins na Scoltacha Comhnuidhtheacha Tioghbhais Tighe.

(c) Tá sé beartuighthe ag an Roinn nach leigfear cailín ar bith isteach feast ins an Scoil Tioghbhais Tighe i gCill Áirne ach amháin cailíní as an Ghaedealtacht.

III. (a)

(i) Maidir leis an Scoil Oileamhna Tioghbhais Tighe i gCill Mochuda, tá eolas iomlán fá na coingheallacha a bhaineas le dul isteach innti i gClár na Scoile; agus táthar ag cur cóip de'n Chlár sin chuig an Teachta.

(ii) Maidir le Scoil Chaitríona le h-aghaidh oileamhna i dTioghbhais Tighe, tá sí faoi stiúrú agus faoi riaghladh na mBan Riaghalta de Órd San Doiminic; agus gheobhfar gach faisnéis fá na coingheallacha a bhaineas le dul isteach innti ó Phríomh-oide na Scoile.

(b) Tá na Scoltacha Comhnuidhtheacha le h-aghaidh Tioghbhais Tighe faoi stiúrú agus faoi riaghladh Ban Riaghalta ins na bailte atá luaidhte thuas. Tá sé de chumacht ag Coistí Gairm-Oideachais Scoláireachtaí do bhronnadh ar mhic léighinn le h-aghaidh na Scoltach sin, agus ghní cuid de na Coistí Scoláireachtaí de'n chineál seo a bhronnadh amhlaidh. Taobh amuigh de na cailíní a gheibh scoláireachtaí de'n chineáil sin, is é Bainisteoir na scoile a thoghas na cailíníi le h-aghaidh na scoltach seo i ngach cás.

(c) Maidir leis an Scoil Tioghbhais Tighe i gCill Áirne, táthar ag aith-breithniú na rialúchán fá láthair a bhaineas leis na coingheallacha ar a leig fear cailíní isteach ins an scoil sin; agus, comh luath agus bhéas na rialúcháin nuadha réidh, cuirfear cóip díobh chuig an Teachta.

IV.

Le cois na Scoltach atá luaidhte cheana, tá roinnt Scoltacha Tuaithe le h-aghaidh Tioghbhais Tighe ann, agus gheibh siad deontaisí ó Roinn an Talmhaidheachta. Gheobhfar gach faisnéis fá na scoltacha sin ar leathanaigh 39 agus 40 de Thuarasgbháil Bhliadhantamail na Roinne sin le h-aghaidh na bliadhna 1931-32.

An amhlaidh ná fuil cailiní oireamnacha le fághail fe láthair chun sgoláireachtaí do thabhairt dóibh sa sgoil Tioghbhais i gCill Macuda?

Ní folair dóibh an Ard Teastas a bheidh acu sa scrudú idirmheadanach agus níl sé sin ar fághail ag cuid mhaith des na cailíníbh sa nGaeltacht.

Nach bhfuil roinnt cailiní ag dul go scoileanna Gaedhalaigh in áiteanna eile sa tír agus na fuil go leór cailiní le fhaghail as na scoileanna sin fos mar iarrataisoiri dos na sgoláireachtaí Tioghbhais Tighe?

Tá cuid acht nílim sasta go bhfuil ár n-dothain fos chun an ríal nua a chur i bhfeidhim. Chífidh mé ar ball conus mar tá an sceal.

Top
Share