Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Mar 1934

Vol. 51 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Meastachán Phinsean Sean-Aoise.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid an eol do gurb é an meastachán céanna atá ag Oifigigh Phinsean Sean-Aoise do eallach agus caoirigh agus do thoradh talaimh (d'réir an acra) sa Ghaeltacht agus tá aca dhóibh ar thalta méithe saidhbhre i lár na tíre; agus, mar nách ionnan an t-eallach no an toradh talaimh san Ghaeltacht agus san chuid eile den tír, an gceapfa sé riaghail nuadh do oifigigh phinsean chun meastachán fá leith a dhéanamh do iarrthóirí san Ghaeltacht.

Is é an freagra atá ar an gcéad chuid de'n cheist nach eol. Mar sin, níl sé riachtanach dul isteach ins an moladh atá ins an gcuid eile de'n cheist.

Top
Share