Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 5 Jun 1934

Vol. 52 No. 17

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Rátaí i gContae Phortlairge.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé (1) cad is méid iomlán do rátaí na bliana, (2) cad is méid don riaráiste rátaí a cuireadh isteach i mbarántas na bliana, agus (3) cad is méid iomlán do bhárantas na bliana i gContae Phortláirge i gcóir na mblian 1922-3, 1923-4, 1924-5, 1925-6, 1926-7, 1927-8, 1928-9, 1929-30, 1930-1, 1931-2, 1932-3, agus 1933-4; cad is méid do sna rátaí bhí gan bailiú (1) an 31adh lá de Mhí na Nodlag agus (2) an 31adh lá de Mhárta gach bliain aca san; cadé méid an airgid a dhíol an Rialtas gach bliain aca san leis an gComhairle Chondae (1) as cistí seachas an Ród-Chiste agus (2) as an Ród-Chiste.

Tá an freagra i bhfuirm chláir. Cuirfead chum an Teachta é i rith na seachtmhaine seo.

Top
Share