Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 5 Jun 1934

Vol. 52 No. 17

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhairle Chondae Chill Choinnigh.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí a ndéarfa sé cadé an méid airgid a dhíol an Rialtas le Comhairle Chondae Chill Choinnigh as cistí seachas an Ród-Chiste gach bliain de sna blianta 1922-3, 1923-4, 1924-5, 1925-6, 1926-7, 1927-8, 1928-9, 1929-30, 1930-1, 1931-2, 1932-3 agus 1933-4.

Níl na figiúrí seo ullamh fós. Cuirfead chum an Teachta iad roimh deire na seachtmhaine seo.

Top
Share