Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Nov 1934

Vol. 54 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil-cheanntair sa Bhreac-Ghaeltacht.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil rún aige na scoil-cheanntair sa bhreac-Ghaeltacht atá ar theorainn na fíor-Ghaeltachta agus a bhfuil cruthú aige an Ghaedhlic do bheith ag biseadh ionta, an bhfuil rún aige iad do thabhairt isteach san fhíor-Ghaeltacht sa chruth go mbeidh na buntáistí céanna ag páistí na gceanntar sin atá anois ag páistí na fíor-Ghaeltachta.

Tá an roinn toilteannach agus fonnmhar chun na scoil-cheanntair ar theorainn na Fíor-Ghaedhealtachta d'áireamh mar chuid den bhFíor-Ghaedhealtacht chomh luath agus a bhéas cruthúghadh ann na coingeallacha atá riachtanach chuige a bheith cóimhlíonta ag na scoileanna san, sé sin, an Ghaedhilg do bheith bá labhairt mar ghnadh-theanga i dtighthe na bpáistí agus an Ghaedhilg amháin nó go h-áirithe an Ghaedhilg do bheith níos fearr ná an béarla ag na páistí ar theacht ar scoil dóibh ar dtúis.

Top
Share