Tá an t-airgead so ag teastáil chun go n-íocfaí as abhair sa bhreis atá riachtanach do sna Tionnscail Tuatha fé chúram na Roinne seo, agus chun go nglanfaí na costaisí reatha a leanfaidh an bhreis sin, baineann na costaisí reatha so le n-iompar, postas, pacáil agus eile. 'Siad na déantúisí atá i gceist ná, earraí cniotála, bréidín, bréagáin, lasaí agus spriogáil; ach díobh so, 'siad earraí cniotála, bréidín agus bréagáin na déantúisí is mó le rádh. Chun go ndéanfaí freastal mar ba chóir, ar an nglaodh atá tar éis teacht, le tamall anuas, ar earraí de'n tsaghas atá luaidhte, ní foláir roinnt mhaith de bhun-abhar do cheannach thar mar bhí coinne leis nuair a cuireadh le cheile an Príomh-Mheastachán.
Chífear ó Mheastacháin na Bliana gurb £56,000 an fágháltas le n-a raibh súil, ach thárla gur srois méid na ndhíolachán £70,000 go 31adh Eanair, agus do dheallródh an scéal go sroisfar £80,000 roimh deire na bliana airgidis. Do cuireadh £16,500 in sna Meastacháin le h-aghaidh páidh do sna h-oibritheoirí, ach, anois, meastar nach mór suim de £22,000 le n-a aghaidh.
Ó thosnuigh an cogadh, tá árdú luacha taguithe ar snáth, éinní ó 25% go 50% do réir an snáth a bhéadh uait. An t-árdú so, maraon le breis gnótha, is bunadhas leis an éileamh go méadófaí ó £23,000 go £40,000 an soláthar le h-aghaidh abhar do'n chiontáil agus figheadóireacht. Sé an dála céadna é, maidir le tionnscal na mbréagán. I rith na bliana do díoladh luach £2,000 de bhreágáin thar mar a measadh a díolfaí. Do beartuíodh luach £9,000 de bhun-abhar do cheannach, ach, fé mar do thárla i gcás earraí cniotála, bréidín 7rl. do tháinig árdú luacha ar bhun-abhair na mbréagán i dtreo nach foláir anois £1,000 sa bhreis do sholáthar.
Toisc go bhfuil mór-cheannach dá dhéanamh ar bhun-abhair, beidh meadú dá réir ar Chostaisí Ghenerálta, sé sin, ar iompar, postas, pecáil 7rl. Is le h-aghaidh costaisí iompair ar earrí ag teach isteach go dtí an Taisc Ionadh, iseadh an soláthar de £460 fé Mhír-Cheann D.7; ach an £1,600 atá dá sholáthar fé F.3, baineann sé le costaisí a leanann earraí do sheachada ó'n Taisc Ionad amach.
As an airgead atá caithte ar na dTionnscail, tá breis dá réir ar dhíolachán na n-earraí, ach ós rud é gur i ndeire na bliana airgidis seo, nó i rith na bliana so chugainn, a déanfar earraí d'fhormhór na mbun-abhar a ceannófar anois, is sa bhliain 1940-41 a gheobhfar tairbhthe an chaiteachais. Ar a shon san is uile, meastar go mbeidh barrachas de £2,000 in sna leithreasaí i gCabhair de chionn na dTionnscal Tuatha. Níl so ró-léir amhthach, ó sna Meastacháin Breise ina dteasbáintear easnamh de £1,000 mar is baoghalach go mbeidh easnamh de £3,000 sa mhéid a bheidh le fáil as an gCeilp. I gcoinnibh seo beidh £3,500 de shábháil fé Mhír-Cheann E.3—Ceannach Ceilpe.
I dteannta a shábhálfar ar cheannach na Ceilpe, beidh sábháil de £4,000 fé Mhír-Cheann H.3—(Deontaisí Tighthe): £1,600 fé Mhír-Cheann G.— (Seirbhísí Ilghnéitheacha), agus £1,900 fé roinnt Mir-Cheann eile nach iad.
Sé is fáth leis an sábháil de £4,000 fé Mhír-Cheann H.3, ná an scáth a tháinig ar dheonaithe le linn an chogaidh agus an mhoill a bhí ann, tamall, abhar tógála d'fháil. De dheascaibh seo, do mhaoluigh obair tógála ar slighe ná beidh an oiread Deontas dá n-íoc amach i rith na bliana airgidis agus a measadh a bhéadh.
Déanfar £1,630. do shábháil fé Mhír-Cheann G.—(Seirbhísí Ilghnéitheacha) toisc nár fritheadh aon iarratas feiliúnach ar Iasachtaí. Tá sábháiltí eile de £1,900 a thagann sa ghnáthchúrsa as pádh, ceannach meaisíní, fógruíocht agus stocaracht.
Chífear ó'n méid atá ráidte agam go mbeidh easnamh de £10,000 sa Vóte i gcomhair Seirbhísí na Gaeltachta, agus, dá bhrí sin, nach mór Meastachán Breise de £10,000 do sholáthar le h-aghaidh na bliana airgidis seo.