Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Feb 1942

Vol. 85 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Luach Bradán.

D'fhiafruigh

den Aire Talmhaidheachta caidé an socrú a rinneadh eadar Rialtas na Breataine agus Rialtas na tíre seo fá luach bradán i mbliana agus an bhfuil socrú ar bith déanta ag an Aire ceadúnais a thabhairt do cheannuitheoirí bradán ó na hiascairí agus caidé an dóigh a roinnfear na ceadúnais seo ar na gnáth-cheannuitheoirí.

Níl aon tsocrú déanta fós. Tá an scéal ar fad fé bhreithniú fé láthair.

Top
Share