Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Nov 1942

Vol. 88 No. 18

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ganntanas Préataí i gConndae Dún na nGall.

D'fhiafruigh

den Aire Talmhaidheachta an bhfuil fhios aige nach bhfuil thar 60 per cent. de na préataí ins an Lagán i nDún na nGall a bhí ann anuiridh agus, ar an adhbhar sin, go mbeidh ganntanas préataí póir san Earrach seo chugainn ach go háithrid san Ghaeltacht; an bhfuil sé socair ag an Aire gan préataí a leigint as Conndae Dún na nGall gan ceadúnas agus an luach a bheith réasúnta do na daoine bochta a bhéas á gceannacht.

Is eol dom nach bhfuil an barr préataí chómh maith in oirthear Dhún-na-nGall i mbliadhna agus do bhí anuiridh, ach chómh fada agus is fios dom ní cosúil go mbeidh ganntanas préataí póir ná préataí bidh ar fud an cheanntair i gcoitchinne. Níl sé socair fé láthair cosc do chur le préataí do thabhairt amach as Conndae Dhún-na-nGall, mar a mholann an Teachta, ná praghsanna do rialú, ach beidh an Roinn Talmhaidheachta ag faire ar an sgéal.

Top
Share