Tairgim:—
Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £24,000 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith inioctha i rith na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1943, chun Bun-Oideachais maraon le hAoisliúntas Muinteóirí Scoile Náisiunta agus Deontas-i-gCabhair, etc.
That a supplementary sum, not exceeding £24,000, be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1943, for Primary Education, including National School Teachers' Superannuation and a Grant-in-Aid, etc.
Tá socair ag an Rialtas Bonus Éigeandála d'íoe le múinteoirí náisiúnta ón geéad lá d'Eanar, 1943, agus is chuige sin atá an t-airgead breise seo ag teastáil. Fearacht na stát-sheirbhíseach, ní híoctar an bonús seo ach leo siúd a bhfuil níos lugha ná £398 17s. de thuarastal bliana aca (i.e., £5 an tseachtain maille le bonus chostais bheatha a háirmhítear do réir an fhigiúir 185 mar chaighdeán chostais bheatha). Íoctar an bonus éigeandála le fir atá ina n-oidí do réir ráta £18 5s. sa mbliain, agus do réir £13 sa mbliain le mná atá ina n-oidí, ach baintear an tsuim chuibhe dhe sin i gcás ar bith a d'fhágfadh go mbeadh níos mó ná £389 17s. sa mbliain de thuarastal ag an oide.
I geás sgoltacha na gClochar agus na Mainistreach a híoctar do réir capaitíochta, agus nach n-íoctar tuarastail phearsanta leis na Bráithre ná leis na Mná Rialta, tá socair méadú cothrom a thabhairt dóibh trén oiread sin faoin gcéad a chur leis an Deontas Capaitíochta. An rud a déantar leis an ngnáth-oide tuatha sé a déanfar leis na congantóirí tuatha ins na sgoltacha seo, agus muirear ar an Vóta a bheas sa mbonus seo ar ball in áit é bhaint de na deontaisí a híoctar leis na Stiúrthóirí.