Ba mhaith liom an tairisgint seo do chur os cóir na Dála:—
Go dtoghfar an Teachta Proinnsias O Fathaigh chun bheith ina Cheann Comhairle agus go rachaidh sé i gceannas na Dála anois.
Toghadh Proinnsias O Fathaigh mar Cheann Comhairle ceithre huaire cheana agus, o 1933 i leith, níor chuir aoinne in aghaidh an mholta. Taisbeánann sé sin go raibh gach dream agus gach duine sa Tigh sásta leis an gcaoi do rinne sé a chuid oibre mar Cheann Comhairle. Do dhuine ar bith atá ina Cheann Comhairle, no do dhuine ar a bhfuil de chúram díospóireachtaí Dáil Eireann do stiúradh, is riachtanach tréithe fé leith do bheith aige. An chaoi in ar dhein an Teachta O Fathaigh a chuid oibre is comhartha é go bhfuil na tréithe sin aige thar an gcoitcheantacht. Má toghtar é, táim cinnte go ndéanfa sé an obair chó maith san am atá le teacht agus a rinne sé san am atá thart. Tá súil agam go dtoghfar é— agus go dtoghfar é d'aon-ghuth.
I propose that Deputy Proinnsias O Fathaigh be elected once more as Ceann Comhairle. The manner in which he performed his duties during the period of 11 years that he has held the position is the best assurance we can have that he will give satisfaction to everybody in the time before us. He has done so, I believe, in the past. His name has not been opposed for this office since 1933. I have great pleasure in proposing that he be elected as Ceann Comhairle and that he take the Chair.