Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 Dec 1943

Vol. 92 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tráiléiri Gala agus teoranta iascaireachta.

D'fhiafraigh

den Aire Talmhaidheachta an feasach dó go rabh Caibideal fá ghnaithe iascaireachta i Lonndain ar na mallaibh agus go rabh reachtaire ón Rialtas seo ag an Chaibideal sin; agus an dtig leis a rá ar dearnadh socrú ar bith fá tráiléirí móra gala, a thig chugainn as tíortha eile, a choinneáil níos fuide ná trí mhíle ón ár gcladaigh (an teorainn atá ann fá láthair) agus, mar dearnadh socrú fá seo, an ndéanfar iarraidh an teórainn a chur níos fuide ar gcúl 'un fairrge.

Bhí ionadaidhe ón tír seo ag Códháil Iascaireachta Eadarnáisiúnta do bhí i Londain le déanaighe. B'é gnó na Códhála ná Connradh do leagan amach i dtaobh iascaireachta san Athlantach Thuaidh i ndiaidh an chogaidh.

Do chuir an Chódháil dréacht-chonnradh le chéile agus déanfaidh na Rialtais go léir lena mbaineann sé é bhreithniú chó luath agus is féidir. Níl éinní sa dréacht-chonnradh, ámh, i dtaobh teoranta iascaireachta.

Tá cainteanna ar siúl le tamall d'fhonn teoranta iascaireachta na hEireann do shocrú tré chó-aontú le Rialtais tíortha eile—tíortha a mbíonn soithigh leo ag iascach amach ó chiadaigh na tíre seo.

Top
Share