Tairgim:—
Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £3,700 chun foctha an mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1945, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.
That a supplementary sum not exceeding £3,700 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1945, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.
Tá suim eile de £4,000 ag teastáil le haghaidh costas taistil Chigirí agus Timirí. Gan trácht ar an ardú i gcostas híreála carr, chuir an feabhas i gcúrsaí taistil ar chumas oifigeach dul ó áit go háit níos réidhe ná mar bhíothas ag súil leis. De bhrí gur líonadh postaí a bhí folamh, cuid acu le fada, is áirde uimhir na n-oifigoach atá i dteideal na gcostas seo ná mar bhí i dtús na bliana.
De bharr ardú céime agus de bharr dáilithe oifigeach nua, b'éigin uimhir mhór thar ghnáth d'aistrithe ó ionad go céile a dhéanamh: tugtar costais aistrithe d'oifigigh a aistrítear mar sin.
Tá suim de £300 atá dá sábháil ar fholúntais gan líonadh i bhfoirinn oifige mo Roinne dá cur in aghaidh coda den bhreis seo. Dá réir sin, £3,700 an méid glan atá ag teastáil.